opw_logo

OPW: Office of Public Works
Oifig na nOibreacha Poiblí

  • Text Size:
  • A
  • A
  • A
  • Ráiteas um Inrochtaineacht
  • Mapa an tSuímh

English

Gaeilge

  • Information for:
  • Foirgnimh & Ailtireacht
  • Baoil ó Thuilte a Bhainistiú
  • Oidhreacht
  • Soláthar
  • Quicklinks
    • Fáilte an Aire
    • Saoráil Faisnéise
    • Ealaín an Stáit
    • An Dílárú
    • Foilseacháin an OOP
    • Foilseacháin an Rialtais
  • Suíomhanna eile OOP
    • Cath na Bóinne
    • Teach Bhaile an Chaisleáin
    • Farmleigh
    • Tuilte
    • Oidhreacht Éireann
    • Sonraí Hidriméadrachta
    • Hidreolaíocht Éireann
    • Iris Oifigiuil
    • Caisleán Chill Chainnigh
    • Garraithe Náisiúnta na Lus
    • Páirc an Fhionnuisce
W3C Compliant - AA Accessible

You are here: BaileSoláthar

Soláthar


Tháinig an tSeirbhís Náisiúnta Soláthair (SNS) i bhfeidhm an 30 Márta 2009. Cuireadh an t-aonad ar bun laistigh d'Oifig na nOibreacha Poiblí de bhun chinneadh ag an Rialtas i mí Iúil 2008, lenar sannadh an fhreagracht as cúrsaí soláthair don Aire Stáit ag an Roinn Airgeadais ar a bhfuil freagracht speisialta as Oifig na nOibreacha Poiblí.

Tá sé curtha de chúram ar an SNS socruithe soláthair don earnáil phoiblí a lárú le haghaidh earraí agus seirbhísí coitianta. Beidh an tSeirbhís ina hionad sármhaitheasa freisin ó thaobh comhairle a sholáthraítear maidir le cúrsaí soláthair agus ó thaobh beartais i leith cúrsaí soláthair a chur i ngníomh ar aon dul leis na cleachtais is fearr agus le tionscnaimh de chuid an Rialtais, lena n-áirítear obair leanúnach le straitéisí ríomhsholáthair a fhorbairt. Beidh an t-aonad ag comhoibriú go dlúth leis an Aonad don Bheartas Náisiúnta Soláthair Phoiblí sa Roinn Airgeadais freisin.  

Níl an SNS le bheith páirteach in aon chineál obair bainistíochta tionscadail le foirgnimh a thógáil nó a fheistiú.

Tá feidhmeanna Ghníomhaireacht Soláthair an Rialtais (GSR) comhchuimsithe laistigh den SNS. Leanfaidh na socruithe soláthair a cuireadh ar bun leis an GSR ar aghaidh le bheith ag feidhmiú mar a bhí roimhe, go dtí go gcuirfear athshocruithe ina n-ionad. Comhlíonfar próiseas comhairliúcháin iomlán le soláthraithe agus le cliaint agus na socruithe sin á gcur le chéile.

Féachfaidh an t-aonad le tionscnaimh uile an Rialtais a lánpháirtiú, amhail inbhuanaitheacht ó thaobh soláthair agus fiontair bheaga agus ar mheánmhéid a spreagadh le bheith rannpháirteach sa soláthar poiblí. Cuspóir buntábhachtach de chuid an SNS is ea an leas is fearr a bhaint as cumhacht ceannaigh na seirbhíse poiblí chun coigilteas a fháil ó thaobh earraí agus seirbhísí a sholáthraítear.

Tá suíomh idirlín an SNS á chur le chéile faoi láthair agus beidh sé ar fáil go gairid.

Le haghaidh faisnéis níos mine, cliceáil anseo.

 

Le haghaidh faisnéise ar Thairiscintí, cliceáil ar na naisc seo a leanas:

Suíomh idirlín Etenders

Iris an Aontais Eorpaigh

 

Le haghaidh faisnéise maidir le bheith ag soláthar don Earnáil Phoiblí agus Conarthaí Nua Tógála & do Shainchomhairleoirí, féach ar:

Suíomh Idirlín na Roinne Airgeadais
 
  • Cóipcheart
  • Ráiteas Príobháideachais
  • ONEGOV
  • Suíomh Idirlín Rialtas na hÉireann
  • EU2013