Is é misean lucht na Seirbhísí do Chuairteoirí braistint na tuisceana, an mheasa agus na freagrachta a inspreagadh i ndaoine i leith na hoidhreachta foirgnithe. Is iad seo a leanas na príomhchuspóirí dá gcuid: cabhrú le rannáin líne páirceanna, gairdíní agus séadchomharthaí a chur i láthair an phobail trí:
Obair an chaomhantais a dhéanann na rannáin líne a chur chun cinn trí:
Tá na háiseanna do chuairteoirí a sholáthraítear ag roinnt láithreán bunaithe ar éiteos caomhantais. Tá cuspóir foriomlán an chaomhantais mar bhonn is mar thaca leis an obair le limistéir a bhainistiú atá tábhachtach ar bhonn náisiúnta don oidhreacht, chomh maith leis an obair le rochtain do chuairteoirí a bhainistiú. Baineann dhá ról leis na háiseanna do chuairteoirí: socruithe a dhéanamh le haghaidh an léirmhíniúcháin agus go mbainfidh an pobal tuiscint agus taitneamh as an oidhreacht, agus ag an céanna, ag fónamh chun cuairteoirí a bhainistiú sa chaoi is nach ndéanfar dochar don acmhainn oidhreachta atá á cosaint. Bíonn an léirmhíniú nasctha le braistint i leith na háite, agus baineann sé le láithreáin ar leith dá bharr.