opw_logo

OPW: Office of Public Works
Oifig na nOibreacha Poiblí

  • Text Size:
  • A
  • A
  • A
  • Ráiteas um Inrochtaineacht
  • Mapa an tSuímh

English

Gaeilge

  • Information for:
  • Foirgnimh & Ailtireacht
  • Baoil ó Thuilte a Bhainistiú
  • Oidhreacht
  • Soláthar
  • Quicklinks
    • Fáilte an Aire
    • Saoráil Faisnéise
    • Ealaín an Stáit
    • An Dílárú
    • Foilseacháin an OOP
    • Foilseacháin an Rialtais
  • Suíomhanna eile OOP
    • Cath na Bóinne
    • Teach Bhaile an Chaisleáin
    • Farmleigh
    • Tuilte
    • Oidhreacht Éireann
    • Sonraí Hidriméadrachta
    • Hidreolaíocht Éireann
    • Iris Oifigiuil
    • Caisleán Chill Chainnigh
    • Garraithe Náisiúnta na Lus
    • Páirc an Fhionnuisce
W3C Compliant - AA Accessible

You are here: BaileOidhreachtSéadchomharthaí Náisiúnta

Séadchomharthaí Náisiúnta


Baineann príomhréimse na hoibre i leith Séadchomharthaí Náisiúnta le hiad a chaomhnú, a chosaint, a chothabháil, a bhainistiú agus a chur i láthair. Tá foireann riarthóirí, oibrithe gairmiúla, teicneoirí, saoir/ceardaithe agus oibrithe ginearálta i gceist leis an obair.

Tá beagnach 750 séadchomhartha, nó grúpa séadchomharthaí, sa chatagóir seo. I measc na séadchomharthaí náisiúnta atá faoi chúram an Stáit, tá cinn ón tréimhse Neoiliteach, amhail Brú na Bóinne, atá ann le breis is 5,000 bliain, agus Teach an Phiarsaigh i Ros Muc, Co. na Gaillimhe, a tógadh san 20ú haois. Idir eatarthu, tá samplaí ann de shéadchomharthaí ó gach tréimhse in aicmí difriúla.

      • séadchomharthaí ón ré luath-Chríostaí amhail Carraig Phádraig, Sceilg Mhichíl, Cluain Mhic Nóis agus Gleann Dá Loch;
      • caisleáin, mainistreacha agus túrthithe ó na meánaoiseanna amhail Caisleán na Cathrach, Caisleán Bhaile Átha Troim, Mainistir Mellifont, Mainistir Sheireapúin, Caisleán Aughanure;
      • séadchomharthaí ó gcuid deiridh de ré na meánaoiseanna, amhail Daingean Rinn Chorráin ag Cionn tSáile, Co. Chorcaí; agus
      • ón 18ú agus ón 19ú céad, an Casino ag Marino, Teachín na hEilbhéise agus Príosún Chill Mhaighneann.

Déantar obair ar Shéadchomharthaí Náisiúnta ar bhonn láithreán/tionscadal sonrach nó ar bhonn geografach. Tá an tír roinnte ina sé réigiún. Déanann lucht saothair a fheidhmíonn as na sé iosta réigiúnacha ag Baile Átha an Rí, Droim Dhá Thiar, Baile Átha Troim, Cill Chainnigh, Mala agus Cill Airne formhór na hoibre caomhantais agus athchóirithe a dhéantar ag séadchomharthaí náisiúnta atá faoi chúram an Stáit. Tá iosta i ngach réigiún, a bhainistíonn bainisteoir oibreacha a thuairiscíonn chuig an ailtire sinsearach don réigiún. Bíonn bainisteoir na n-oibreacha i gceannas ar fhoireann d'oibrithe tionsclaíocha (saoir/ceardaithe agus oibrithe ginearálta).

 

Tá liosta iomlán de na Séadchomharthaí Náisiúnta taifeadta ar fáil anois - Liosta na Séadchomharthaí Náisiúnta

  • Cóipcheart
  • Ráiteas Príobháideachais
  • ONEGOV
  • Suíomh Idirlín Rialtas na hÉireann
  • EU2013