Aistríodh feidhmeanna oibriúcháin na bhfeidhmeanna maidir le hoidhreacht fhoirgnithe na hÉireann chuig Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) an 1ú Eanáir 2004. Tá freagracht ar OOP as an obair laethúil le gach Séadchomhartha Náisiúnta agus Maoin Stairiúil a rith.
Tá Seirbhísí Oidhreachta OOP comhdhéanta díobh seo a leanas:-
Tá an méid seo a leanas i gceist le freagracht OOP as an oidhreacht fhoirgnithe atá faoi chúram an Stáit (.i. faoi úinéireacht agus faoi chaomhnóireacht an Stáit):-
Cur Chuige agus Fealsúnacht OOP:
Is é cur chuige Sheirbhísí Oidhreachta OOP na séadchomharthaí agus na maoine atá faoina gcúram a chothabháil, a chaomhnú agus a chur i láthair. Tá sainchúram caomhantais acu chun an oidhreacht fhoirgnithe atá faoi chúram an Stáit a chothabháil agus tá ról gníomhach acu maidir le cur i láthair na hoidhreachta sin a éascú chomh maith le rochtain an phobail.
Go bunúsach, is é an caomhantas bun agus barr obair Sheirbhísí Oidhreachta OOP. Tugtar formhór mór a n-acmhainní do ghníomhaíochtaí le maoine agus láithreáin a chaomhnú. Cuirtear tromlach na maoine atá faoi chúram an Stáit i láthair an phobail gan áiseanna sonracha do chuairteoirí amhail seirbhís treorach. Rud an-tábhachtach do OOP is ea an rochtain a thugtar don phobal ar áiteanna is díol spéise ó thaobh na hoidhreachta, agus tá an-chuid dua caite chun bealaí rochtana agus faisnéis ag gach láithreán oidhreachta foirgnithe a fheabhsú.
Tugann na milliúin Éireannach agus cuairteoir ón gcoigríoch cuairt ar na láithreáin oidhreachta gach bliain chun rud éigin a fhoghlaim faoi stair agus faoi oidhreacht na hÉireann. Soláthraítear seirbhísí treorach, taispeántais léirmhíniúcháin agus go leor foilseachán agus nuachtlitreacha chun cabhrú leis an gcuairteoir sa phróiseas oideachasúil seo.
Is é Oidhreacht Éireann suíomh idirlín na Seirbhísí do Chuairteoirí. Cliceáil anseo chun féachaint ar an iomaí láithreán éagsúil oidhreachta atá ar fáil in Éirinn. Faigh amach faoi: Páirceanna, Séadchomharthaí, Gairdíní, Uiscebhealaí Intíre agus Forais Chultúir na hÉireann.