Tá rún daingean ag Oifig na nOibreacha Poiblí faisnéis agus seirbhísí a sholáthar a mbeidh ár gcustaiméirí ar fad in ann teacht orthu ina n-iomláine. Is é aidhm an tsuímh idirlín go mbeidh sé chomh hinrochtana agus is féidir beag beann ar chumas nó ar mhíchumas an úsáideora. Feabhsaítear an rochtain do gach úsáideoir ach dearadh maith a bheith ar shuíomh. Tá an suíomh deartha de réir Threoirlínte WC3 maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an Idirlíon. Comhlíonann an suíomh formhór na bpointí seiceála 1, 2 agus 3 dá dtugtar tús áite, ach soiléirítear roinnt nithe mar atá leagtha amach thíos:
Forbraíodh an suíomh idirlín trí XHTML agus Stílbhileoga Cascáideacha atá níos inrochtana agus a bhfuil léitheoirí scáileáin in ann iad a láimhseáil. Tá an suíomh deartha ar bhealach soiléir lena seachnaítear an iomarca ábhair a bheith le feiceáil go dlúth le chéile agus soláthraíonn an suíomh stíl nascleanúna comhleanúnach. Is éasca don duine na naisc éagúla a leanúint tríd an úsáid atá bainte as dathanna, mionrianta agus naisc leis na príomhréimsí téamacha ar gach leathanach.
Tá ábhar an tsuímh idirlín dealaithe ó na heilimintí lena gcuirtear an suíomh i láthair, rud a fhágann go mbíonn an suíomh ar fáil do chuairteoirí a bhaineann úsáid as teicneolaíochtaí amhail leitheoirí scáileáin.
Tá an suíomh idirlín deartha de réir réimsí réigiúnacha go mbeidh sé níos éasca dul thart sa suíomh.
Tá rogha ar fáil do gach úsáideoir méid an chló atá á úsáid ar an suíomh a mhéadú nó a laghdú.
Tá inneall cuardaigh nua, Autonomy Ultraseek curtha isteach mar chuid den suíomh, rud atá tar éis a mhéid faisnéise is féidir a aisghabháil a fheabhsú, agus tá feidhm ardchuardaigh ar fáil leis freisin.
Tá tuairiscí ALT ag gabháil le gach íomhá ach amháin sa chás gur íomhánna maisiúcháin atá iontu agus baineann luach nialasach leo ó thaobh ALT de sa chás sin.
Baineadh an úsáid is lú agus a d'fhéadfaí as táblaí ar an suíomh.
Tá an suíomh idirlín códaithe de réir chaighdeáinTransitional XHTML. Tá gach leathanach bailíochtaithe trí Bhailíochtóir na hEagraíochta W3. Lena chois sin, déantar leathanaigh shamplacha a sheiceáil trí úsáid a bhaint as na brabhsálaithe seo a leanas:
Is féidir leis na seanbhrabhsálaithe go léir teacht ar an suíomh idirlín ach d'fhéadfadh leagan amach na ngrafaicí a bheith ar lár mar gheall nach bhfuil an brabhsálaí in ann déileáil leis na Stílbhileoga Cascáideacha.
Tá rún daingean ag Oifig na nOibreacha Poiblí inrochtaineacht an tsuímh idirlín seo a choinneáil ar bun agus monatóireacht a dhéanamh ar an inrochtaineacht sin. Mar chuid den phróiseas sin, fáiltímid roimh aon tuairim, mholtaí nó mhionsonraí ar fhadhbanna a bhíonn ag úsáideoirí.