opw_logo

OPW: Office of Public Works
Oifig na nOibreacha Poiblí

  • Text Size:
  • A
  • A
  • A
  • Ráiteas um Inrochtaineacht
  • Mapa an tSuímh

English

Gaeilge

  • Information for:
  • Foirgnimh & Ailtireacht
  • Baoil ó Thuilte a Bhainistiú
  • Oidhreacht
  • Soláthar
  • Quicklinks
    • Fáilte an Aire
    • Saoráil Faisnéise
    • Ealaín an Stáit
    • An Dílárú
    • Foilseacháin an OOP
    • Foilseacháin an Rialtais
    • Taispeántais
    • Beartas agus Nósanna Imeachta
    • Foilseacháin
  • Suíomhanna eile OOP
    • Cath na Bóinne
    • Teach Bhaile an Chaisleáin
    • Farmleigh
    • Tuilte
    • Oidhreacht Éireann
    • Sonraí Hidriméadrachta
    • Hidreolaíocht Éireann
    • Iris Oifigiuil
    • Caisleán Chill Chainnigh
    • Garraithe Náisiúnta na Lus
    • Páirc an Fhionnuisce
W3C Compliant - AA Accessible

You are here: BaileEalaín an StáitSaothair Ealaíne a Bhainistiú

Faisnéis Fúinne


Tá OOP freagrach as bailiúchán ealaíne an Stáit a bhainistiú, a bhfuil beagnach 6,000 saothar ann anois ó bhreis is 1,250 ealaíontóir, agus atá suite i bhfoirgnimh an Stáit ar fud na hÉireann. Tagann maoiniúchán OOP don ealaín i bhfoirgnimh an Stáit ó scéimeanna don chéatadán ar son na healaíne do thionscadail chaipitil. Mar chuid de sin, cuirtear 1% de na buiséid foirgníochta ar fad, faoi réir teorainneacha áirithe, i leataobh le haghaidh gnéithe ealaíne.

Freagrachtaí

  • Scéim an chéatadáin ar son na healaíne a chur i ngníomh, faoi mar atá leagtha amach go sonrach i gCinneadh an Rialtais - S.29498, 13/05/97 agus i Moltaí na Tuairisce don Rialtas ó Ghrúpa Stiúrtha an Tionscadail Taighde faoin Ealaín Phoiblí (1997).
  • Clár shócmhainní ealaíne an Rialtais a chothabháil - Ciorclán ón Roinn Airgeadais 19/96.
  • Freagrach as bailiúchán ealaíne an Stáit atá suite i bhfoirgnimh Stáit agus as an mbailiúchán sin a bhainistiú.
  • Faisnéis don phobal faoi bhailiúchán ealaíne an Stáit a uasmhéadú, agus feasacht agus rochtain an phobail ar an mbailiúchán a uasmhéadú freisin, trí fhoilseacháin, thaispeántais agus fhardal an bhunachair shonraí.
  • Saothair ealaíne a thugtar ar iasacht agus mar bhronntanais a ghlacadh agus a dheonú de réir mar is gá.
  • Bronntanais a luacháil faoin Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 thar ceann Ranna Rialtais.

Cuireadh Grúpa Bainistíochta Ealaíne OOP ar bun i 1990 agus tá sé freagrach as feidhmeanna OOP i ndáil le bailiúchán ealaíne an Stáit a chomhlíonadh. Lena chois sin, bíonn saineolas an Ghrúpa ar fáil do Ranna Rialtais agus do chomhlachtaí poiblí eile i bhfoirm chomhairle le faoi shaothair ealaíne a cheannach, a fháil, a chothabhail, a choimisiúnú, a athchóiriú agus a luacháil. Tugann an Oifig Bainistíochta Ealaíne tacaíocht don Ghrúpa.

Tá faisnéis faoi bheartais agus nósanna imeachta maidir le seilbh a fháil ar shaothair ealaíne le fáil sa Lámhleabhar Bainistíochta Ealaíne de chuid OOP - seoladh an foilseachán i mí Dheireadh Fómhair 2002. Tá catalóga cuimsitheacha le léaráidí foilsithe ag OOP maidir leis na saothair ealaíne ar fad a bhfuil seilbh faighte ag OOP orthu do na foirgnimh Stáit ó 1922 go dtí 1995 freisin i dtrí imleabhar dar teideal Art in State Buildings.

  • Cóipcheart
  • Ráiteas Príobháideachais
  • ONEGOV
  • Suíomh Idirlín Rialtas na hÉireann
  • EU2013