opw_logo

OPW: Office of Public Works
Oifig na nOibreacha Poiblí

  • Text Size:
  • A
  • A
  • A
  • Ráiteas um Inrochtaineacht
  • Mapa an tSuímh

English

Gaeilge

  • Information for:
  • Foirgnimh & Ailtireacht
  • Baoil ó Thuilte a Bhainistiú
  • Oidhreacht
  • Soláthar
  • Quicklinks
    • Fáilte an Aire
    • Saoráil Faisnéise
    • Ealaín an Stáit
    • An Dílárú
    • Foilseacháin an OOP
    • Foilseacháin an Rialtais
  • Suíomhanna eile OOP
    • Cath na Bóinne
    • Teach Bhaile an Chaisleáin
    • Farmleigh
    • Tuilte
    • Oidhreacht Éireann
    • Sonraí Hidriméadrachta
    • Hidreolaíocht Éireann
    • Iris Oifigiuil
    • Caisleán Chill Chainnigh
    • Garraithe Náisiúnta na Lus
    • Páirc an Fhionnuisce
W3C Compliant - AA Accessible

You are here: BaileEalaín an Stáit

SAOTHAIR EALAÍNE AN STÁIT


Tagraíonn bailiúchán ealaíne an Stáit do shaothair ealaíne a bhainistíonn OOP agus atá suite i bhfoirgnimh an Stáit agus i spásanna poiblí ar fud na hÉireann agus thar sáile. Le foirgnimh an Stáit, áirítear gach oifig Rialtais, Áras an Uachtaráin, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Farmleigh, Teach Laighean, Tithe an Rialtais, na Ceithre Chúirt agus áiseanna áirithe Cúirte, Stáisiúin an Gharda Síochána, Ambasáidí na hÉireann thar sáile, agus forais áirithe cultúir.

Ní áirítear iad seo a leanas sa bhailiúchán:

  • Saothair ealaíne arna gcoimisiúnú nó arna gceannach ag Ranna eile Rialtais lena mbuiséid tógála féin agus scéimeanna 'céatadán ar son na healaíne' á bhfeidhmiú acu, amhail an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil, an Roinn Sláinte agus Leanaí, nó an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
  • Saothair ealaíne faoi chúram Dúchas, an tSeirbhís Oidhreachta nó saothair atá i suite i maoine atá á mbainistiú ag Dúchas agus a bhfuil córas neamhspleách ar siúl acu maidir leis an gcoimeádaíocht.
  • Saothair ealaíne arna gceannach nó arna gcoimisiúnú ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha tar éis mhí Eanáir 1989.
  • Saothair ealaíne sna bailiúcháin náisiúnta amhail Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, Áras Nua-Ealaíne na hÉireann agus Ard-Mhúsaem na hÉireann.

Féachann OOP le feasacht agus rochtain an phobail ar ealaín an Stáit a mhéadú trína cuid taispeántas agus tríd an gcatalóg bliantúil maidir le hEalaín an Stáit.

Tá taispeántais Ealaín an Stáit á rith go bliantúil ag OOP ó 1991 agus bhí siad comhdhéanta de rannóga éagsúla ealaíne a tógadh as bailiúchán an Stáit bunaithe ar théarmaí áirithe gach bliain m.sh. portráidí, priontaí, máistrí ó bhlianta roimhe, srl. Tugann an taispeántas deis don phobal breathnú ar shaothair ealaíne, a bhíonn ina maisiúchán i bhfoirgnimh phoiblí de ghnáth. Le himeacht na mblianta, cuireadh an taispeántas ar an-chuid camchuairteanna ar fud na tíre agus thar sáile chomh maith. Bíonn catalóg ina léirítear na saothair ealaíne in éineacht leis an taispeántas agus bíonn cóipeanna ar fáil le ceannach maidir le gach taispeántas ó Ghníomhaireacht Soláthair an Rialtais.

Saothair Ealaíne ag Caisleán Bhaile Átha Cliath

Fuarthas na saothair ealaíne atá ag Caisleán Bhaile Átha Claith in imeacht na gcéadta bliain - ón 18ú céad go dtí an lá atá inniu ann. Tá an-éagsúlacht i gceist leis an ealaín atá ar taispeáint ag an gcaisleán - idir phortráidí d'Fhir Ionaid an Rí i nGailearaí na bPictiúr agus dhealbha comhaimseartha i ngairdíní Dhubh Linn. Tá na saothair ealaíne i gCaisleán Bhaile Átha Cliath curtha i gcatalóg ag Dublin Castle Art, foilseacháin le léaráidí a scríobh agus a rinne an staraí ealaíne, Róisín Kennedy, taighde lena aghaidh in 1999 trí sparánacht taighde i gCoimeádaíocht na bhFísealaíon a chómhaoinigh an Chomhairle Ealaíon agus Oifig na nOibreacha Poiblí. Rogha ó na saothair sin atá sa chatalóg is ea na saothair ealaíne atá le feiceáil ar an suíomh idirlín seo.

Faoi láthair, tá breis is 7,000 saothar ealaíne i mbailiúchán ealaíne an Stáit atá á bhainistiú ag Oifig na nOibreacha Poiblí. Tá na saothair sin suite i bhfoirgnimh Rialtais agus i spásanna poiblí ar fud na hÉireann agus i roinnt ambasáidí de chuid na hÉireann. Tá tionscadal ar siúl san Oifig Bainistíochta Ealaíne i ndáil leis an mbunachar ealaíne, agus is é cuspóir an tionscadail an bailiúchán iomlán a chur ar shuíomh idirlín OOP.

 
  • Cóipcheart
  • Ráiteas Príobháideachais
  • ONEGOV
  • Suíomh Idirlín Rialtas na hÉireann
  • EU2013