Tá roinnt feidhmeanna reachtúla agus rialála faoi achtanna éagsúla an Oireachtais ag Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí:
Draenáil Artaireach agus Tuilte:
Srianta ar dhroichid a thógáil nó a athrú. (Alt 50: Acht Siltin Airtéirigh, 1945) Bíonn toiliú ó na Coimisinéirí ag teastáil ó chomhlachtaí áirithe i gcás go mbeidh siad ag beartú oibreacha tógála a dhéanamh ar dhroichid.
Sruthchúrsaí, claífoirt a mhodhnú nó a athlonnú nó oibreacha eile. (Alt 9: An tAcht Siltin Airtéirigh, (Leasú), 1995) Féadfaidh na Coimisinéirí toiliú le hathruithe ar shruthchúrsaí reatha nó ar struchtúir atá cuimsithe le Scéimeanna Draenála reatha i gcás nach méadódh na hoibreacha atá beartaithe an baol go dtarlóidh tuilte nó nach mbeadh tionchar diúltach ag na hoibreacha ar an mbealach a dhraenáiltear talamh. Tá feidhm ag an alt seo maidir le sruthchúrsaí a uasghrádú nó a athlonnú, claífoirt a athsholáthar nó a athlonnú agus le hoibreacha éagsúla eile ar thalamh a chuimsítear le Scéimeanna Draenála. Is ina chás agus ina chás a phléitear le hiarratais faoin alt seo, agus ba cheart iarratais a sheoladh chuig an oifig réigiúnach chuí. Féach Téigh i dTeagmháil Linn le haghaidh sonraí teagmhála.
Srianta maidir le coraí a thógáil, a athrú srl. (Alt 47: An tAcht Siltin Airtéirigh, 1945) Caithfidh aon duine a bheidh ag pleanáil cora a thógáil nó a athrú toiliú a fháil ar dtús ó na Coimisinéirí nó ó na húinéirí talún go léir a ndéanfadh obair dá leithéid difear dóibh. Féadfaidh na Coimisinéirí toiliú a dheonú i gcás go gcomhlíonfaidh an t-iarratasóir diancheanglais, agus sa chás sin amháin. Tá Bord Soláthair an Leictreachais díolmhaithe ón gceanglas sin toisc go bhfuil próiseas reachtúil ar leith i bhfeidhm.
Pleanáil agus Forbairt:
Comhlacht forordaithe is ea na Coimisinéirí a dtéitear i gcomhairle leo maidir leis na feidhmeanna pleanála tábhachtacha straitéiseacha seo a leanas de chuid na nÚdarás Áitiúil:
Plean Forbartha a Ullmhú, a Dhéanamh agus a Athrú. (Alt 11 , 12 agus 13: An tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000) Tugtar deis do na Coimisinéirí a dtuairimí a thabhairt faoi gach athrú ar an bPlean Forbartha nuair a bheidh athbhreithniú le déanamh ar an bplean agus arís nuair a bheidh dréachtphlean ullmhaithe. Féadfaidh cuspóirí, a bhaineann le baoil ó thuilte a bhainistiú agus a sheachaint, a bheith i bPlean Forbartha.
Treoirlínte Pleanála Réigiúnacha a Ullmhú. (Alt 24 : An tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000) Caithfidh an tÚdarás Réigiúnach dul i gcomhairle leis na Coimisinéirí mar chuid den obair leis na Treoirlínte maidir le Beartais Réigiúnacha a ullmhú.
Pleanáil agus Forbairt a Bhainistiú Is é OOP an comhlacht reachtúil a dtéitear i gcomhairle leis le haghaidh mórphleananna spásúla, amhail Treoirlínte maidir le Pleanáil Réigiúnach, agus Pleananna Forbartha, faoin Acht um Pleanail, 2000.
Leagadh béim ar thábhacht an róil seo do OOP nuair a foilsíodh Treoirlínte d'Údaráis Phleanála (30ú Samhain, 2009).