Tá roinnt acmhainní faisnéise forbartha ag OOP don phobal mar chuid den Bheartas náisiúnta um Baoil ó Thuilte a Bhainistiú. Soláthraíonn na hacmhainní sin faisnéis trí roinnt suíomhanna idirlín.
Tá faisnéis ar chásanna taifeadta inar tharla tuilte in Éirinn ar an suíomh idirlín seo. Is féidir leat tuilte taifeadta a chuardach de réir áite, trí úsáid a bhaint as léarscáil nó trí bhaile nó bhaile fearainn, thagairt ghreille nó abhainn a chuardach. Le huirlis ardchuardaigh, tá tú in ann do chuardach a mhionathrú chun feabhais agus tuilleadh sonraí faoi dhátaí agus faoi chaighdeán na faisnéise a chur isteach. Is féidir leat "Layer Control" a úsáid chun tuilleadh sonraí a chur isteach m.sh. an talamh a draenáladh le Scéimeanna Draenála OOP faoi na hAchtanna Siltin Airtéirigh, 1945 agus 1995, Dúichí Draenála a cuireadh i gcrích faoi achtanna roimhe (1844, 1863, 1925, 1928 srl.), talamh atá cosanta le claífoirt a rinne Coimisiún na Talún a roinnt, chomh maith le haibhneacha, lochanna agus suíomh tomhsairí hidriméadracha.
Cuirtear sonraí hidriméadrachta as stáisiúin tomhsaireachta a fheidhmíonn OOP le chéile trí leibhéil an uisce ar an dromchla a thomhas go leanúnach ag breis is 350 suíomh ar fud na tíre. Ag formhór na suíomhanna, is féidir an sceitheadh a mheas freisin trí chuar rátála a bhaineann le suíomhanna sonracha a fheidhmiú (ar a dtugtar gaol 'stage discharge') a fhorbraítear as sraith de thomhais faoin sruth a thógtar ar mbonn leanúnach.
Mar aon le faisnéis ghinearálta ón stáisiún, cuirtear sonraí, a bhfuil a gcáilíocht dearbhaithe, faoi leibhéal agus faoi shruth an uisce, i láthair i bhformáidí éagsúla a úsáidtear go coitianta lena n-áirítear:
An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) a riarann an líonra náisiúnta hidriméadrachta agus ceanglaítear ar an ngníomhaireacht clár náisiúnta a ullmhú chun faisnéis hidriméadrachta a bhailiú agus a fhoilsiú sa Stát. Is le hOOP, na hÚdaráis Áitiúla agus le Bord Soláthair an Leictreachais formhór mór an líonra reatha hidriméadrachta intíre in Éirinn, agus is iadsan a fheidhmíonn agus a chothabhálann formhór mór an líonra sin freisin. Soláthraíonn an EPA cúnamh le sonraí a bhailiú ó thomhsairí na nÚdarás Áitiúil agus le cáilíocht na sonraí sin a dhearbhú agus na sonraí sin a chur i gcartlann agus a scaipeadh; coinníonn an ghníomhaireacht Clár na Stáisiún Hidriméadrachta in Éirinn ar bun freisin. Suíomh Hidriméadrachta EPA
Tá tuilte ina gcuid nádúrtha dosheachanta den saol in Éirinn. Bíonn roinnt rudaí a tharlaíonn i gcuideachta a chéile ina gcúis leo de ghnáth, lena n-áirítear aibhneacha a bheith ag sceitheadh thar a mbruacha, stoirmeacha cois cósta nó díoga draenála a bheith blocáilte nó an iomarca uisce a bheith ag dul tríothu. Tá roinnt mhaith tuilte troma tar éis tarlú ar fud na tíre le deich mbliana anuas. Mar gheall go mbíonn tionchar na dtuilte chomh huafásach, is tábhachtach go ngníomhóidh daoine a bhfuil a gcuid maoine i mbaol go cuí chun cur i gcoinne na dtuilte.
Féachann an suíomh idirlín seo le cúnamh praiticiúil a sholáthar dóibh siúd ar fad a bhféadfadh a n-áiteanna cónaithe nó a ngnónna a bheith i mbaol ó thuilte.
Tá OOP ag stiúradh na n-iarrachtaí ó ghníomhaireachtaí stáit chun freagairt don bhaol a bhaineann le tuilte ar bhealach comhtháite inbhuanaithe. Tá raon leathan beart á bhforbairt sa chaoi is go seachnófar nach mbeidh baoil níos mó ann amach anseo, agus chun baoil atá ann faoi láthair a bhainistiú. Áirítear leis na bearta sin: an fhaisnéis a bhíonn ar fáil do dhaoine, do phobail agus do ghnónna a fheabhsú, agus bearta chun baoil atá ann cheana féin a bhainistiú.
Ar an leathanach tugtar léargas ginearálta ar an straitéis chun baoil ó thuilte a bhainistiú in Éirinn. Tá sonraí faoi ghníomhaíochtaí ar leibhéal áitiúil ar fáil ar an leathanach Céard atá ar siúl i mo cheantarsa?