opw_logo

OPW: Office of Public Works
Oifig na nOibreacha Poiblí

  • Text Size:
  • A
  • A
  • A
  • Ráiteas um Inrochtaineacht
  • Mapa an tSuímh

English

Gaeilge

  • Information for:
  • Foirgnimh & Ailtireacht
  • Baoil ó Thuilte a Bhainistiú
  • Oidhreacht
  • Soláthar
  • Quicklinks
    • Fáilte an Aire
    • Saoráil Faisnéise
    • Ealaín an Stáit
    • An Dílárú
    • Foilseacháin an OOP
    • Foilseacháin an Rialtais
    • An Creat-Treorach Uisce, Éin, Gnáthóga, srl.
  • Suíomhanna eile OOP
    • Cath na Bóinne
    • Teach Bhaile an Chaisleáin
    • Farmleigh
    • Tuilte
    • Oidhreacht Éireann
    • Sonraí Hidriméadrachta
    • Hidreolaíocht Éireann
    • Iris Oifigiuil
    • Caisleán Chill Chainnigh
    • Garraithe Náisiúnta na Lus
    • Páirc an Fhionnuisce
W3C Compliant - AA Accessible

You are here: BaileBaoil ó Thuilte a BhainistiúCúlra & BeartasReachtaíocht ÁbharthaReachtaíocht agus Rialacháin Chomhshaoil

Reachtaíocht agus Rialacháin Chomhshaoil


Is iad seo a leanas an phríomhreachtaíocht agus na príomhrialacháin a bhaineann leis an gComhshaol agus a théann i bhfeidhm ar OOP ina cuid gníomhaíochtaí le baoil ó thuilte a bhainistiú:

Rialacháin maidir le Gnáthóga Nádúrtha:De réir Alt 31 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Gnáthóg Nádúrtha), 1997, i gcás go dtabharfaidh an Stát faoi oibríocht nó faoi ghníomhaíocht is dócha a rachaidh i bhfeidhm ar Láithreán Eorpach go suntasach, ba cheart measúnacht chuí a dhéanamh ar na himpleachtaí don láithreán sin i bhfianaise na gcuspóirí a bhaineann leis ó thaobh gnáthóga nádúrtha a chaomhnú. Ní thabharfar faoin oibríocht ná faoin ngníomhaíocht ach amháin sa chás go ndéanfar amach nach ndéanfaidh an oibríocht ná an ghníomhaíocht dochar d'iomláine an láithreáin agus sa chás sin, tabharfar aird chuí ar chonclúidí na measúnachta. Tá cur chuige straitéiseach i leith an ceanglas sin, le measúnachtaí comhshaoil, a bhainistiú, leagtha amach sa

Screening Report de chuid OOP  - "Screening of Natura 2000 Sites for Impact of Arterial Drainage Maintenance Operations." Tá sraith de Mheasúnachtaí ar Thionchar Chothabháil na Draenála Artairí ar an Éiceolaíocht déanta ag OOP. Tá tuairiscí na measúnachtaí liostaithe anseo.

Achtanna um Fhiadhúlra Tá na comhchodanna de na hAchtanna um Fhiadhúlra is mó a bhaineann le hoibreacha draenála, le fáil sa cháipéis seo a leanas. (Nasc le cur isteach)

Measúnachtaí faoin Tionchar ar an gComhshaol (MTC): Tá na comhchodanna den reachtaíocht maidir le MTCanna, is mó a bhaineann le hoibreacha draenála, le fáil sa cháipéis seo a leanas. (Nasc le cur isteach)

An Creat-Treorach Uisce (WFD): Cuirtear an obair i gcrích leis an gCreat-Treorach Uisce a chur i ngníomh trí shainchomhairleoirí tionscadail do na hocht nDúiche Abhantraí sa stát, lena n-áirítear dúiche abhantraí atá go hiomlán i dTuaisceart Éireann. Déanann an Rannán Comhshaoil ionadaíocht ar OOP ar na seacht nDúiche Abhantraí a bhaineann le Poblacht na hÉireann trí bheith ag freastal ar na cruinnithe éagsúla bainisteoireachta agus trí chomhairliúcháin eile agus is amhlaidh go ngníomhaíonn an rannán mar an t-aon phointe teagmhála cuíchóirithe d'fhoirne tionscadail na nDúichí Abhantraí agus d'OOP. Ritheann sraith de mheithleacha teicniúla agus saineolaithe go comhthreomhar chun na foirne tionscadail sin a chomhlánú agus comhordaítear na meithleacha sin de réir mar a thagann an gá chun cinn.

Tá Seirbhís OOP um Chothabháil na Draenála Artairí ag feabhsú a bhfeidhmíochta ó thaobh an chomhshaoil de trí chaighdeáin nósanna imeachta na mball foirne a bhíonn ar an líne tosaigh a ardú, ag feabhsú cumarsáidí débhealaigh leis an Lucht Fiadhúlra & Iascaigh. An tuairim atá i réim faoi láthair is ea nach bhfuil an obair chothabhála ar scála sách mór nó de chineál a chuirfeadh as do dea-cháilíocht bhitheolaíoch an uisce agus táthar á thuar gur cheart go mbeidh cainéil dhraenála in ann Stádas Maith Éiceolaíochta (GES) a bhaint amach agus a choinneáil ar bun.

  • Cóipcheart
  • Ráiteas Príobháideachais
  • ONEGOV
  • Suíomh Idirlín Rialtas na hÉireann
  • EU2013