opw_logo

OPW: Office of Public Works
Oifig na nOibreacha Poiblí

  • Text Size:
  • A
  • A
  • A
  • Ráiteas um Inrochtaineacht
  • Mapa an tSuímh

English

Gaeilge

  • Information for:
  • Foirgnimh & Ailtireacht
  • Baoil ó Thuilte a Bhainistiú
  • Oidhreacht
  • Soláthar
  • Quicklinks
    • Fáilte an Aire
    • Saoráil Faisnéise
    • Ealaín an Stáit
    • An Dílárú
    • Foilseacháin an OOP
    • Foilseacháin an Rialtais
  • Suíomhanna eile OOP
    • Cath na Bóinne
    • Teach Bhaile an Chaisleáin
    • Farmleigh
    • Tuilte
    • Oidhreacht Éireann
    • Sonraí Hidriméadrachta
    • Hidreolaíocht Éireann
    • Iris Oifigiuil
    • Caisleán Chill Chainnigh
    • Garraithe Náisiúnta na Lus
    • Páirc an Fhionnuisce
W3C Compliant - AA Accessible

You are here: BaileBaoil ó Thuilte a BhainistiúCúlra & BeartasReachtaíocht ÁbharthaAchtanna Siltin AirtéirighTuilleadh Faisnéise faoi Achtanna Siltin Airtéirig

Gnéithe de na hAchtanna Siltin Airtéirigh agus de Threoir an AE maidir le Tuilte


Is iad seo a leanas na gnéithe suntasacha de na hAchtanna Siltin Airtéirigh a bhaineann le baoil ó thuilte a bhainistiú:

Coraí: Cé go bhfuil roinnt eisceachtaí ann, éilítear le hAlt 47 den Acht Siltin Airtéirigh 1945 go bhfaighfear toiliú ó OOP chun aon chora, nó aon déantús eile dá leithéid, a thógáil, a mhéadú nó a athrú i sruthchúrsa mar a bhféadfadh talamh a bheith faoi thuile de bharr a leithéid a thógáil, a mhéadú nó a athrú.

Droichid: Éilítear le hAlt 50 den Acht Siltin Airtéirigh 1945 nach ndéanfaidh aon údarás áitiúil, ná aon chuideachta iarnróid, aon chuideachta caineál, ná aon chomhlacht eile dá leithéid, ná aon ghnóthas tionscail, aon droichead nua a thógáil, nó aon droichead atá ann cheana féin thar aon sruthchúrsa a athrú, a atógáil, nó a athchóiriú, gan toiliú ó OOP.

Treoir an AE maidir le Tuilte: Leis an Treoir nua, maidir le baoil ó thuilte a mheasúnú agus a bhainistiú ("Treoir maidir le Tuilte"), atá comhaontaithe idir Parlaimint agus Comhairle an AE, méadófar an bhéim atá á cur ar bhaoil ó thuilte a bhainistiú. Tá béim á cur ar na cúrsaí seo níos minice agus níos fairsinge anois. Ta an Treoir seo le trasuíomh i ndlí na hÉireann faoin gcuid dheiridh de 2009.

Éileofar leis an Treoir seo go nglacfaidh Ballstáit cur chuige fadtéarmach ó thaobh na pleanála de i leith baoil ó thuilte a laghdú. Tá trí chéim le bheith i gceist leis an gcur chuige sin:

1. Tabharfaidh Ballstáit, faoin mbliain 2011, faoi mheasúnacht tosaigh ar bhaoil ó thuilte i leith a gcuid abhantrach agus i leith na gcriosanna cósta gaolmhara.

2. I gcás go bhfuil fíorbhaoil ann go ndéanfar dochar de bharr tuilte, caithfidh na Ballstáit, faoin mbliain 2013, léarscáileanna a fhorbairt faoi ghuaiseacha tuilte agus faoi bhaoil ó thuilte.

3. Ar deireadh, faoin mbliain 2015, caithfear pleananna a chur le chéile i gcomhair na gcriosanna sin maidir le baoil ó thuilte a bhainistiú.

Beidh bearta le háireamh mar chuid de na pleananna sin chun dóchúlacht na dtuilte a laghdú, chomh maith le hiarmhairtí féideartha na dtuilte sin. Leis na pleananna sin, beidh aghaidh le tabhairt ar gach céim den timthriall um baoil ó thuilte a bhainistiú, ach beidh fócas ar leith ina chuid díobh ar thuilte a chosc (.i. dochar a dhéanfaí de bharr tuilte a chosc trí chinntí a sheachaint a d'fhágfadh go dtógfaí tithe agus tionscail i limistéir atá i mbaol ó thuilte faoi láthair nó a d'fhéadfadh a bheith i mbaol amhlaidh amach anseo, nó trí fhorbairtí a dhéanfar amach anseo a chur in oiriúint do bhaoil ó thuilte), beidh fócas ar leith sna pleananna ar an gcosaint freisin (trí bhearta a ghlacadh chun a dhóichí go dtarlóidh tuilte a laghdú agus/nó chun tionchar na dtuilte in áit ar leith a laghdú trí thuilemhánna agus bogaigh a athbhunú) agus ar an ullmhacht chomh maith (m.sh. treoracha a sholáthar don phobal maidir leis an méid a bheidh le déanamh i gcás tuilte). Beidh na trí chéim sin le déanamh an athuair mar chuid de thimthriall a mhairfidh sé bliana chun a chinntiú go gcuirfear forbairtí fadtéarmacha san áireamh.

  • Cóipcheart
  • Ráiteas Príobháideachais
  • ONEGOV
  • Suíomh Idirlín Rialtas na hÉireann
  • EU2013