Bhí tuilte ina n-údar mór buairimh sa tír seo le dhá chéad bliain anuas ar a laghad, mar atá léirithe leis na hAchtanna éagsúla maidir le Draenáil a ritheadh in, inter alia, 1842, 1867, 1925, 1928, 1945 agus 1995.
An tAcht Siltin Airtéirigh, 1945: Chuir Coimisiún Browne (Tuarascáil an Choimisiúin Draenála 1938-1940), a scrúdaigh tuilte agus an talamh a fheabhsú trí dhraenáil, tús lena chuid breithniúchán i 1938 agus dá thoradh sin, forbraíodh An tAcht Siltin Airtéirigh, 1945. Is í seo an phríomhphíosa reachtaíochta atá feidhmithe againn le 50 bliain anuas, agus de bharr na reachtaíochta sin, tugadh de chumhacht do OOP tabhairt faoi scéimeanna draenála artairí dobharcheantair chun tuilte a laghdú.
An tAcht Siltin Airtéirigh, Leasú, 1995: Is ar thalamh talmhaíochta a fheabhsú a bhí béim Acht 1945. Tar éis fíor-dhrochthuilte i roinnt bailte idir lár na n-ochtóidí agus go luath i mblianta na nóchaidí, leasaíodh an tAcht i 1995, nuair a aistríodh béim na gníomhaíochta le tuilte a bhainistiú go dtí limistéir uirbeacha a chosaint i gcás gur bhagair tuilte orthu. De bharr an leasaithe sin, cumhachtaíodh do OOP tabhairt faoi scéimeanna áitiúla faoisimh ó thuilte chun limistéir uirbeacha a chosaint agus baoil ó thuilte a laghdú iontu.
Tá téacs iomlán an dá Achta ar fáil ar Suíomh Idirlín Thithe an Oireachtais.
Is iad seo a leanas an Phríomhreachtaíocht agus na rialacháin is mó a bhaineann le OOP, maidir lena cuid gníomhaíochtaí le baoil ó thuilte a bhainistiú:
Treoir an AE maidir le Tuilte: Leis an Treoir nua, maidir le baoil ó thuilte a mheasúnú agus a bhainistiú ("Treoir maidir le Tuilte"), atá comhaontaithe idir Parlaimint agus Comhairle an AE, méadófar an bhéim atá á cur ar bhaoil ó thuilte a bhainistiú. Tá béim á cur ar na cúrsaí seo níos minice agus níos fairsinge anois. Ta an Treoir seo le trasuíomh i ndlí na hÉireann faoin gcuid dheiridh de 2009.
Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi ghnéithe den Acht Siltin Airtéirigh agus faoin Treoir ón AE.