Is féidir an reachtaíocht agus na rialacháin is mó a bhaineann le OOP, maidir lena cuid gníomhaíochtaí le baoil ó thuilte a bhainistiú, a chur i dtrí chinn de chatagóirí: Draenáil Artaireach, Comhshaol agus Pleanáil:
Is iad na cinn is tábhachtaí de na hachtanna sin An tAcht Siltin Airtéirigh1945 agus an tAcht Siltin Airtéirigh (Leasú), 1995. Déantar socrú leis na hAchtanna seo le haghaidh talamh a dhraenáil agus a fheabhsú trí oibreacha draenála airtéirigh a thochailt agus na hoibreacha sin a chothabháil.
Clúdaíonn an chatagóir seo raon leathan Achtanna agus Rialachán, idir Náisiúnta agus Eorpach, a phléann leis an gcomhshaol a chosaint agus a chaomhnú. Is iad na cinn is tábhachtaí ina measc na hAchtanna um Fhiadhúlra, na Rialacháin maidir le Gnáthóga Nádúrtha, agus an Creat-Treorach Uisce.
Is é OOP an comhlacht reachtúil a dtéitear i gcomhairle leis le haghaidh mórphleananna spásúla, amhail Treoirlínte um Pleanáil Réigiúnach, agus Pleananna Forbartha, faoin Acht um Pleanail, 2000.
Le foilsiú na dTreoirlínte maidir le 'An Córas Pleanala agus Baoil ó Thuilte a Bhainistiú' (Dréacht le haghaidh comhairliúcháin, M.F. 2008), leagadh béim ar thábhacht an róil sin d'OOP. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil tríd an nasc seo thíos faoi na Treoirlínte, agus faoi ról OOP, maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar Mheasúnachtaí ar Bhaoil ó Thuilte agus ar Phleananna Spásúla, agus le tacaíocht agus faisnéis a sholáthar chun cabhrú leis na húdaráis phleanála lena gcuid dualgas a fheidhmiú: Treoirlínte d'Údaráis Phleanála