Tá freagrachtaí ar údaráis, eagraíochtaí agus páirtithe leasmhara éagsúla as baoil ó thuilte a bhainistiú. Tá roinnt de na príomhréimsí freagrachta leagtha amach thíos.
An Phríomh-Ghníomhaireacht Náisiúnta
Chinn an Rialtas i mí Mheáin Fómhair 2004 gur cheart d'Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) an ról a ghlacadh mar an phríomh-ghníomhaireacht chun baoil ó thuilte a bhainistiú in Éirinn. Cé nach gciallaíonn an ról sin go mbíonn OOP freagrach go díreach as gach gné den obair le tuilte a bhainistiú, tugann sé ról dúinn ó thaobh treoir náisiúnta na hoibre um bainistiú na mbaol ó thuilte a chomhordú chomh maith le gníomhartha agus gníomhaíochtaí Rann Rialtais, na nÚdarás Áitiúil agus páirtithe leasmhara buntábhachtacha eile.
Tuairisc Ghrúpa an Athbhreithnithe ar an mBeartas maidir le Tuilte
Tá na róil sin againn le cois na ról oibriúcháin a bhí againn roimhe seo, mar a mhínítear thíos.
Tuilte agus Cosaintí in aghaidh Tuilte - Aibhneacha
Tá cumhachtaí ag OOP maoiniú a thabhairt nó bearta a dhéanamh chun baoil ó thuilte a laghdú faoin Acht Siltin Airtéirigh, 1945 agus faoi Leasú a rinneadh ar an Acht i 1995. Le déanaí, baineadh feidhm as na cumhachtaí sin, i gcomhpháirtíocht leis na hÚdaráis Áitiúla ábhartha, chun scéimeanna faoisimh ó thuilte a chur i bhfeidhm, amhail na scéimeanna sin a cuireadh i gcrích le déanaí i gCill Chainnigh agus ar feadh Abhainn na Tulcha i limistéar Bhaile Átha Cliath. Agus na scéimeanna sin curtha i gcrích, tá freagracht ar OOP as na scéimeanna faoisimh ó thuilte a chothabháil. Tá cumhachtaí ag na hÚdaráis Áitiúla, cosúil le OOP, le tabhairt faoi oibreacha faoisimh ó thuilte freisin faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil.
Tuilte agus Cosaintí in aghaidh Tuilte - Cóstaí
Tá cumhachtaí ag OOP oibreacha a chur i ngníomh chun an baol ó thuilte a laghdú i limistéir cois cósta. Tá cumhachtaí dá leithéid ag na hÚdaráis Áitiúla faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil freisin.
Creimeadh an Chósta
Is ar OOP go príomha atá an fhreagracht le creimeadh an chósta a bhainistiú, agus tá cumhachtaí ag OOP oibreacha a chur i ngníomh chun baoil ó thuilte a laghdú i limistéir cois cósta. Tá cumhachtaí dá leithéid ag na hÚdaráis Áitiúla faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil freisin.
Talamh a Dhraenáil agus Aibhneacha a Chothabháil
Faoin Acht Siltin Airtéirigh, 1945, thug OOP faoi roinnt scéimeanna draenála artairí chun talamh a fheabhsú ar mhaithe le táirgeacht talmhaíochta. Tá dualgas reachtúil ar OOP na scéimeanna sin a chothabháil, rud a chomhlíontar tríd an gclár dá cuid chun draenáil artaireach a chothabháil. Níl cumhachtaí ag OOP tabhairt faoi obair chothabhála aibhneacha nó caineál seachas i gcás go ndéanann na haibhneacha sin cuid de scéim draenála artairí nó scéimeanna faoisimh ó thuilte. Dúichí Draenála - Limistéir is ea iad sin mar ar chomhlíon agus mar ar bhainistigh na hÚdaráis Áitiúla sa limistéar scéimeanna draenála chun feabhsúchán a dhéanamh chun críocha talmhaíochta. Is ar na hÚdaráis Áitiúla a bhíonn dualgas na cothabhála.
I limistéir eile, is ar na bruachúinéirí a bhíonn an fhreagracht as an mbail a bhíonn ar na cainéil agus ar bhruacha na n-aibhneacha go hiondúil.
Uisce Stoirme a Dhraenáil
Bíonn na hÚdaráis Áitiúla freagrach as na córais dhraenála uisce stoirme a sholáthar agus a chothabháil laistigh dá ndlínse.