Le 150 bliain anuas nó níos faide, agus i bhfianaise cibé bail a bhí ar chúrsaí eacnamaíochta agus sóisialta ag an am, glacadh beartais agus cineálacha éagsúla cur chuige chun na baoil ó thuilte a bhainistiú in Éirinn. Féach ar Stair na Bainistíochta Tuilte le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi bheartais a bhí i réim roimhe seo.
In 2003, thug Grúpa Idir-Rannach um Athbhreithniú ar Bheartais, a raibh OOP á stiúradh, faoi athbhreithniú fairsing ar an mbeartas náisiúnta chun baoil ó thuilte a bhainistiú, ag díriú ar róil agus ar fhreagrachtaí a shoiléiriú agus ar bheartas cuí náisiúnta a shainaithint lena chinntiú go mbainisteofaí na baoil ó thuilte go héifeachtach as seo isteach i gcuid mhaith den 21ú hAois.
I mí Mheáin Fómhair 2004, d'fhaomh an Rialtas Tuairisc Ghrúpa an Athbhreithnithe ar an mBeartas maidir le Tuilte (nasc le pdf), agus ghlac na moltaí a rinneadh sa tuairisc. Féadfar an beartas reatha náisiúnta a shainmhíniú mar seo a leanas:
'leibhéal náisiúnta na mbaol ó thuilte do dhaoine, do ghnónna, don bhonneagar agus don chomhshaol a laghdú oiread agus is féidir trí bhaoil ó thuilte atá ann cheana féin agus go háirithe na baoil a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo, a shainaithint agus a bhainistiú ar bhealach lánpháirtithe agus réamhghníomhach, de réir dobharcheantar'.
Bhí an méid seo a leanas i measc mholtaí buntábhachtacha eile a rinneadh sa Tuairisc:
Tar éis d'OOP agus dá comhpháirtithe an beartas nua a ghlacadh chomh maith le moltaí na Tuairisce, tá siad ag obair chun cláir shaothair a fhorbairt agus a chur i ngníomh chun an beartas a sheachadadh.
Caithfear an Treoir, maidir le Baoil ó Thuilte a Mheasúnú agus a Bhainistiú (an Treoir maidir le 'Tuilte'), a chomhlíonadh leis na cláir shaothair sin freisin.
Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir le Baoil ó Thuilte a Bhainistiú