opw_logo

OPW: Office of Public Works
Oifig na nOibreacha Poiblí

  • Text Size:
  • A
  • A
  • A
  • Ráiteas um Inrochtaineacht
  • Mapa an tSuímh

English

Gaeilge

  • Information for:
  • Foirgnimh & Ailtireacht
  • Baoil ó Thuilte a Bhainistiú
  • Oidhreacht
  • Soláthar
  • Quicklinks
    • Fáilte an Aire
    • Saoráil Faisnéise
    • Ealaín an Stáit
    • An Dílárú
    • Foilseacháin an OOP
    • Foilseacháin an Rialtais
  • Suíomhanna eile OOP
    • Cath na Bóinne
    • Teach Bhaile an Chaisleáin
    • Farmleigh
    • Tuilte
    • Oidhreacht Éireann
    • Sonraí Hidriméadrachta
    • Hidreolaíocht Éireann
    • Iris Oifigiuil
    • Caisleán Chill Chainnigh
    • Garraithe Náisiúnta na Lus
    • Páirc an Fhionnuisce
W3C Compliant - AA Accessible

You are here: BaileBaoil ó Thuilte a BhainistiúCúlra & BeartasBaoil ó Thuilte in ÉirinnStair na Bainistíochta Tuilte in Éirinn.

Stair na Bainistíochta Tuilte in Éirinn.


Stair Bhainistiú na mBaol ó Thuilte

Bhí tuilte ina n-údar mór buairimh sa tír seo le dhá chéad bliain anuas ar a laghad, mar atá léirithe leis na hAchtanna éagsúla maidir le Draenáil a ritheadh in, inter alia, 1842, 1867, 1925, 1928, 1945 agus 1995.

 

An tAcht Siltin Airtéirigh, 1945

Chuir Coimisiún Browne (Tuarascáil an Choimisiúin Draenála 1938-1940), a scrúdaigh tuilte agus an talamh a fheabhsú trí dhraenáil, tús lena chuid breithniúchán i 1938 agus dá thoradh sin, forbraíodh An tAcht Siltin Airtéirigh, 1945 . Is í seo an phríomhphíosa reachtaíochta atá feidhmithe againn le 50 bliain anuas, agus de bharr na reachtaíochta sin, tugadh de chumhacht d'OOP tabhairt faoi chun tuilte a laghdú.

 

An tAcht Siltin Airtéirigh, Leasú, 1995

Is ar thalamh talmhaíochta a fheabhsú a bhí béim Acht 1945. Tar éis fíor-dhrochthuilte i roinnt bailte idir lár na n-ochtóidí agus go luath i mblianta na nóchaidí, leasaíodh an tAcht i 1995, nuair a aistríodh béim na gníomhaíochta le tuilte a bhainistiú go dtí limistéir uirbeacha a chosaint i gcás gur bhagair tuilte orthu. De bharr an leasaithe sin, cumhachtaíodh d'OOP tabhairt faoi scéimeanna áitiúla faoisimh ó thuilte  chun limistéir uirbeacha a chosaint agus baoil ó thuilte a laghdú iontu.

 

Athbhreithniú ar Bheartais Náisiúnta maidir le Tuilte, 2002-2004

Tar éis a thuilleadh tuilte móra in 2000 agus 2002, thionscain an té a bhí ina Aire Stáit le freagracht as OOP an tráth sin, an tUasal Tom Parlon, T.D. athbhreithniú ar bheartais náisiúnta maidir le tuilte. Ba é aidhm an athbhreithnithe sin go gcinnfí beartais don todhchaí maidir le baoil ó thuilte a bhainistiú, agus go soiléireofaí róil agus freagrachtaí i measc na Rann, na nÚdarás Áitiúil agus na n-eagraíochtaí éagsúla eile a bhíonn ag plé le tuilte a bhainistiú agus le freagairt doibh. Cheadaigh an Rialtas moltaí Thuairisc Ghrúpa an Athbhreithnithe ar an mBeartas maidir le Tuilte Link required i mí Mheáin Fómhair 2004, ag tabhairt treo nua d'OOP agus d'Éirinn maidir le baoil ó thuilte a bhainistiú .

 

Beartais maidir le Tuilte a Chur i nGníomh

Rinneadh sraith moltaí i dTuairisc Ghrúpa an Athbhreithnithe ar an mBeartas maidir le Tuilte i ndáil le hobair nua agus cineálacha nua cur chuige ar chóir a ghlacadh chun baoil ó thuilte a shainaithint agus a bhainistiú, agus moladh sa tuairisc go gceapfaí OOP mar an phríomhghníomhaireacht le baoil ó thuilte a bhainistiú.

Tar éis don rialtas na moltaí sin a cheadú, tá raon leathan de Chláir Shaothair lánpháirtithe chuimsitheacha, chun a chinntiú go mbainisteofar baoil ó thuilte go héifeachtach as seo amach, á bhforbairt agus á gcur i ngníomh againn agus ag eagraíochtaí ar comhpháirtithe linn iad (go sonrach an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Forbartha Tuaithe agus na hÚdaráis Áitiúla). Is iad na Cláir Shaothair sin, mar aon leis na cláir atá againn cheana féin maidir le faoiseamh caipitil ó thuilte agus maidir le draenáil a chothabhháil, fócas ár ngníomhaíochtaí reatha anois.

  • Cóipcheart
  • Ráiteas Príobháideachais
  • ONEGOV
  • Suíomh Idirlín Rialtas na hÉireann
  • EU2013