Bíonn tuilte ag tarlú go rialta in Éirinn, agus bhí i gcónaí. Áirítear na cinn seo a leanas ar na tuilte móra a tharla le leathchéad bliain nó mar sin, chomh maith leis na limistéir inar tharla siad:
1946: Cill Chainnigh
1954: Tuilte go fairsing i lár tíre, lena n-áirítear an tSionainn, an Bhearú, an Fheoir agus an tSiúir.
1968: Tuilte taoideacha a chuir as don Iardheisceart
1986: "Spéirling Charlie" a scrios codanna de Bhaile Átha Cliath agus de bhailte eile timpeall ar Shléibhte Chill Mhantáin.
1993-4: Fíor-dhrochthuilte a bhí ann le píosa maith i limistéir charst de Dheisceart na Gaillimhe.
1997: Tuilte móra, a rinne damáiste nach beag i mbailte Chluain Meala.
1999-2000: Cuid de na tuilte is measa dá bhfuil ar taifead ar feadh Abhainn na Sionainne.
2000: Fíor-dhrochthuilte ar fud na tíre.
2002: Tuilte taoideacha i mBaile Átha Cliath agus i mbailte eile ar feadh chósta an oirthir.
2004: Tuilte móra san Oirdheisceart.
Chun faisnéis ábhartha maidir le tuilte roimhe seo, agus faoin damáiste a rinne siad, a ghabháil, a chaomhnú agus a chur ar fáil go poiblí, tá suíomh idirlín ina bhfuil guaiseacha tuilte mapáilte forbartha againn ar a sholáthraítear mionsonraí fairsinge, lena n-áirítear tuairiscí, grianghraif agus gearrthóga preasa atá ar fáil faoi thuilte stairiúla ar fud na tíre.
Níl pictiúr cruinn againn faoi láthair ar leibhéal na mbaol atá ann ar leibhéal náisiúnta, cé gur measadh go ndéanann tuilte luach thart faoi €75m de dhamáiste in aghaidh na bliana.
Is féidir tuairim a fháil faoi scála na faidhbe ó na costais a chuirtear ar an tionscal árachais. Tá sé measta ag an Irish Insurance Federation go raibh na trí thuile a tharla i mí na Samhna 2000, mí Feabhra agus na Samhna 2002 ina gcúis le costas charnach thart faoi €138m don tionscal. Ba cheart a thabhairt do d'aire go mbeadh na tuilte sin ina gcúis le damáiste nach beag lena chois sin nach mbeadh clúdaithe ag árachas.
Leis an Measúnú Tosaigh Náisiúnta ar Bhaoil ó Thuilte, atá ar siúl go leanúnach agus lena bhfuiltear ag súil torthaí tosaigh a sholáthar in 2009, soláthrófar measúnacht níos cuimsithí ar leibhéil náisiúnta na mbaol ó thuilte.