opw_logo

OPW: Office of Public Works
Oifig na nOibreacha Poiblí

  • Text Size:
  • A
  • A
  • A
  • Ráiteas um Inrochtaineacht
  • Mapa an tSuímh

English

Gaeilge

  • Information for:
  • Foirgnimh & Ailtireacht
  • Baoil ó Thuilte a Bhainistiú
  • Oidhreacht
  • Soláthar
  • Quicklinks
    • Fáilte an Aire
    • Saoráil Faisnéise
    • Ealaín an Stáit
    • An Dílárú
    • Foilseacháin an OOP
    • Foilseacháin an Rialtais
  • Suíomhanna eile OOP
    • Cath na Bóinne
    • Teach Bhaile an Chaisleáin
    • Farmleigh
    • Tuilte
    • Oidhreacht Éireann
    • Sonraí Hidriméadrachta
    • Hidreolaíocht Éireann
    • Iris Oifigiuil
    • Caisleán Chill Chainnigh
    • Garraithe Náisiúnta na Lus
    • Páirc an Fhionnuisce
W3C Compliant - AA Accessible

You are here: BaileBaoil ó Thuilte a BhainistiúCúlra & BeartasBaoil ó Thuilte in ÉirinnCéard atá i gceist le Baoil ó Thuilte?

Céard atá i gceist le Baoil ó Thuilte?


Céard atá i gceist le Baoil ó Thuilte?

Is éard atá i gceist le baoil ó thuilte ná an damáiste a mbeifí ag súil leis tarlú in áit ar leith bharr tuile. Meascán atá ann den dóchúlacht go dtarlóidh tuile, méid na tuile agus na tionchair nó an damáiste a dhéanfaí de bharr na tuile. Léirítear go hiondúil é i dtéarmaí mhéid an damáiste a mbeifí ag súil leis tarlú i gcaitheamh tréimhse ama áirithe, mar shampla, euros in aghaidh na bliana.

Ní ionann baoil ó thuilte agus guaiseacha tuilte. Ní chuireann guaiseacha tuilte síos ach ar mhéid nó ar dhéine na dtuilte, agus is minic a dtagraítear leis an téarma d'fhairsinge agus do dhoimhneacht na dtuilte nó do luas shruth na dtuilte, ach ní áirítear eilimint an damáiste le guaiseacha tuilte.

Tagraítear do dhóchúlacht na dtuilte i dtéarmaí "Dhóchúlacht Bhliantúil an tSáraithe", arb éard atá i gceist leis sin an corrlach nó an dóchúlacht (arna léiriú mar chéatadán) go dtarlóidh tuile in aon bhliain ar leith arb ionann í nó ar déine í ná méid nó déine áirithe. Mar shampla, maidir le tuile lena mbainfeadh déine áirithe, a mbeifí ag súil leis nach dtarlódh sé go hiondúil ach uair amháin gach céad bliain, bheadh seans aon faoin gcéad (nó 1 as gach 100) go dtarlódh sé in aon bhliain ar leith, agus b'ionann é mar sin agus tuile lena mbainfeadh Dóchúlacht 1% Bhliantúil an tSáraithe. Tagraítear do chás den sórt sin uaireanta mar thuile "bhliain an chéid" freisin. Ba chóir a thabhairt do d'aire freisin go mbaineann randamacht le tarlú na dtuilte, agus mar sin, go bhféadfadh dhá chás lena mbainfeadh Dóchúlacht 1% Bhliantúil an tSáraithe tarlú in imeacht díreach cúpla bliain, cé nach dócha, ó thaobh staitisticí de, go dtarlódh sé sin.

Soláthraítear cur síos mionsonraithe ar théarmaí éagsúla a úsáidtear go minic i ndáil le tuilte agus baoil ó thuilte a bhainistiú i nGluais na dTéarmaí.

 

Cúiseanna le Tuilte

Feiniméan nádúrtha is ea tuilte a thagann chun cinn de bharr foinsí éagsúla lena n-áirítear:

  • Báisteach throm nach féidir léi imeacht trí dhraenacha agus a dhéanann linnte
  • Líon an uisce in aibhneacha a bheith níos airde ná toilleadh na n-aibhneacha agus na haibhneacha a bheith ag sceitheadh thar a mbruacha
  • Leibhéil arda farraige agus taoide a bheith ag tuile isteach ar thalamh in aice leo
  • Tonnta ón bhfarraige, ó inbhir agus ó lochanna móra ag sceitheadh ar thránna, ar bhruacha agus ar chosaintí cósta
  • Screamhuisce ag dul in airde os cionn leibhéal an talún
  • Turlaigh a bheith ag borradh agus ag tuile isteach ar thalamh thart othu
  • Uisce ó shneachta is é ag leá, ag rith isteach in aibhneacha borrtha

Is féidir le gníomhaíochtaí an duine minicíocht na dtuilte a mhéadú. Mar shampla:

  • Trí limistéir ghlasa a chlúdach le dromchlaí neamh-thréscaoilteacha (m.sh. clóis páirceála), laghdaítear líon an uisce a phúscann isteach sa talamh. Méadaítear dá bharr sin luas agus líon an uisce a fhanann ar an dromchla.
  • Nuair a shíneann foirgnimh srl. isteach ar chainéil aibhneacha, agus nuair a dhéantar na cainéil a bhlocáil, laghdaítear cumas na gcainéal uisce a bhreith leo, rud a mhéadaíonn leibhéil an uisce tráth a mbíonn sruth ard ann.

Táthar ag súil go méadófar minicíocht agus déine na dtuilte de bharr an athraithe ar an aeráid, toisc go dtugann réamh-mheastacháin reatha d'Éirinn le fios go dtitfidh líon méadaithe báistí sa gheimhreadh agus go dtarlóidh stoirmeacha níos minice. Tá fianaise an-láidir ann go bhfuil leibhéal na farraige ag ardú cheana féin agus go leanfaidh sé ar aghaidh le bheith ag ardú, rud a mhéadóidh minicíocht agus doimhneacht na dtuilte ar limistéir cois cósta agus inbhear. [Tuarascáil EPA 2007]

  • Cóipcheart
  • Ráiteas Príobháideachais
  • ONEGOV
  • Suíomh Idirlín Rialtas na hÉireann
  • EU2013