opw_logo

OPW: Office of Public Works
Oifig na nOibreacha Poiblí

  • Text Size:
  • A
  • A
  • A
  • Ráiteas um Inrochtaineacht
  • Mapa an tSuímh

English

Gaeilge

  • Information for:
  • Foirgnimh & Ailtireacht
  • Baoil ó Thuilte a Bhainistiú
  • Oidhreacht
  • Soláthar
  • Quicklinks
    • Fáilte an Aire
    • Saoráil Faisnéise
    • Ealaín an Stáit
    • An Dílárú
    • Foilseacháin an OOP
    • Foilseacháin an Rialtais
  • Suíomhanna eile OOP
    • Cath na Bóinne
    • Teach Bhaile an Chaisleáin
    • Farmleigh
    • Tuilte
    • Oidhreacht Éireann
    • Sonraí Hidriméadrachta
    • Hidreolaíocht Éireann
    • Iris Oifigiuil
    • Caisleán Chill Chainnigh
    • Garraithe Náisiúnta na Lus
    • Páirc an Fhionnuisce
W3C Compliant - AA Accessible

You are here: BaileBaoil ó Thuilte a BhainistiúCúlra & BeartasBaoil ó Thuilte in ÉirinnCé agus Céard a bhíonn Thíos le Tuilte?

Cé agus Céard a bhíonn Thíos le Tuilte?


Is féidir le tuilte dul i bhfeidhm orainn go léir agus is leathan raon na dtionchar a bhaineann leo, amhail:

 

 

  • Baol don bheatha, m.sh. daoine a bheith á mbá, hipiteirme, nó tionchar smionagair a bheith ar foluain in uisce
  • Sláinte, m.sh. tinneas de bharr uisce tuile a bheith salaithe agus gortuithe de bharr smionagair a bheith ar foluain in uisce     
  • Strus, m.sh. dúlagar, buairt agus neamhord struis iarthrámaigh a d'fhéadfadh teacht ar dhuine tar éis fíor-dhrochthuilte     
  • Damáiste do thithe de bharr uiscí tuile, lena n-áirítear damáiste do struchtúr foirgneamh agus dá bhfuil iontu agus nithe, ar luachmhar le daoine iad, a bheith caillte      
  • Damáiste do shiopaí, do ghnónna agus do thionscail, lena n-áirítear damáiste díreach do stoc, do ghléasra agus do threalamh, cúrsaí gnó a bheith thíos le tuilte agus d'fhéadfadh caillteanas a bheith i gceist ó thaobh brabús nó baol dócmhainneachta freisin
  • Baol go ndiúltófar clúdach árachais nó go mbeidh préimheanna nó táillí barrachais níos airde
  • Damáiste don chomhshaol de bharr truailliú ó uiscí salaithe na tuile nó de bharr gnáthóga a bheith faoi uisce
  • Ár n-oidhreacht chultúir a bheith caillte trí dhamáiste do shéadchomharthaí náisiúnta, d'fhoirgnimh liostaithe, d'áiteanna inspéise, d'ealaín, srl. de bharr tuilte
  • Damáiste dár mbonneagar iompair, móide na costais ghaolmhara lena dheisiú
  • Ag cur isteach ar thaisteal nó gan daoine a bheith in ann teacht ar mhaoine de bharr bóithre a bheith faoi uisce
  • Ag cur isteach ar sholáthar an leictreachais, an uisce óil, an gháis agus ar sholáthairtí fóntas eile

 

 

D'fhéadfadh éifeachtaí tuilte a bheith diabhalta millteanach, agus d'fhéadfadh fadhbanna pearsanta fadtéarmacha a bheith i gceist chomh maith leis an gcostas agus an suaitheadh a bhíonn i gceist láithreach do dhaoine, agus d'fhéadfadh na héifeachtaí sin dul i bhfeidhm ar dhuine ar bith.

 

 

Bí ar an eolas agus bí ullmhaithe (www.flooding.ie).

  • Cóipcheart
  • Ráiteas Príobháideachais
  • ONEGOV
  • Suíomh Idirlín Rialtas na hÉireann
  • EU2013