opw_logo

OPW: Office of Public Works
Oifig na nOibreacha Poiblí

  • Text Size:
  • A
  • A
  • A
  • Ráiteas um Inrochtaineacht
  • Mapa an tSuímh

English

Gaeilge

  • Information for:
  • Foirgnimh & Ailtireacht
  • Baoil ó Thuilte a Bhainistiú
  • Oidhreacht
  • Soláthar
  • Quicklinks
    • Fáilte an Aire
    • Saoráil Faisnéise
    • Ealaín an Stáit
    • An Dílárú
    • Foilseacháin an OOP
    • Foilseacháin an Rialtais
    • An tEolas is Déanaí faoi Staidéir ar Thuilte
  • Suíomhanna eile OOP
    • Cath na Bóinne
    • Teach Bhaile an Chaisleáin
    • Farmleigh
    • Tuilte
    • Oidhreacht Éireann
    • Sonraí Hidriméadrachta
    • Hidreolaíocht Éireann
    • Iris Oifigiuil
    • Caisleán Chill Chainnigh
    • Garraithe Náisiúnta na Lus
    • Páirc an Fhionnuisce
W3C Compliant - AA Accessible

You are here: BaileBaoil ó Thuilte a BhainistiúCúlra & BeartasBaoil ó Thuilte a BhainistiúCláir chun Faisnéis Straitéiseach a Fhorbairt


Cláir chun Faisnéis Straitéiseach a Fhorbairt

Tá sé d'aidhm le cláir shaothair agus tionscadail faoin téama seo an fhaisnéis riachtanach maidir le guaiseacha tuilte agus faoi bhaoil ó thuilte, lena n-áirítear taighde gaolmhar, a fhorbairt sa chaoi is go mbeifear in ann cinntí a dhéanamh go héifeachtach, agus áirítear leis na cláir sin:

 

An Clár maidir leis an Eolas is Déanaí faoi Staidéir ar Thuilte

 

Bhí taighde den chéad scoth i gceist leis an Tuairisc faoi Staidéir ar Thuilte sa chaoi is go soláthrófaí d'Éirinn sraith chuimsitheach de mhodhanna chun meastacháin a thabhairt faoi thuilte ag pointe ar bith sa tír. Foilsíodh an saothar i 1975 áfach, ag úsáid sonraí a taifeadadh chomh fada leis an mbliain 1969. Ón tráth sin, tá breis is 30 bliain de shonraí breise bailithe, táthar tar éis tabhairt faoi thuilleadh taighde chun modhanna nua a fhorbairt, agus de bharr na teicneolaíochta faisnéise, táthar in ann cineálacha cur chuige iomlán nua a úsáid, nár samhlaíodh go mbeifí in ann a úsáid roimhe.

Tá an Clár maidir leis an Eolas is Déanaí faoi Thuilte ina mhórchlár taighde agus forbartha (a chosnóidh thart faoi €1.7m) chun ollchóiriú a dhéanamh ar na modheolaíochtaí agus na cumais in Éirinn le meastacháin a thabhairt faoi thuilte, agus chun córas den chéad scoth, a bheidh ar bun ar an idirlíon, a sholáthar le meastacháin a thabhairt faoi thuilte. Tá an Clár á rith le beagnach trí bliana agus tá sé le cur i gcrích nuair a sheolfar an suíomh idirlín nua in 2009.

Nasc breise: (Nasc - Bileog faoi Thionscadal an Chláir maidir leis an Eolas is Déanaí faoi Thuilte)

 

Athbhreithniú Straitéiseach ar Chúrsaí Hidri-Mheitéareolaíochta


Tháinig líonra náisiúnta na monatóireachta hidri-mheitéareolaíochta chun cinn de bharr riachtanas stairiúil go hiondúil seachas de bharr daoine a bheith ag amharc go straitéiseach ar riachtanais fhadtéarmacha le sonraí. Dá bharr sin, tháinig líonra chun cinn a bhfuil bearnaí ann ó thaobh an mhéid den tír a chlúdaítear agus cuireann sé sin srian le roinnt gnéithe den obair le tuilte a mheas, in ainneoin go bhfuil an líonra inchomparáide lena bhfuil ann i bhformhór na dtíortha forbartha.

Chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin agus cur chuige, a bheidh bunaithe ar na cleachtais is fearr, a leagan amach don todhchaí, táthar tar éis athbhreithniú cuimsitheach a chur i gcrích le déanaí ar an líonra agus ar an gcleachtas reatha maidir le monatóireacht agus bailiú sonraí. Tá na húdaráis tomhsaireachta ábhartha ag measúnú thorthaí an athbhreithnithe sin faoi láthair, d'fhonn iad a chur i ngníomh sna blianta atá le teacht.

Tuairisc an Athbhreithnithe: (Nasc– PDF de Thuairisc an Athbhreithnithe)

 

Clár Taighde agus Forbartha


Is ionann an Clár maidir leis an Eolas is Déanaí faoi Thuilte agus mórchlár taighde ann féin, agus chomh maith leis sin, tá OOP ag tabhairt faoi chláir shuntasacha eile taighde a bhaineann le tuilte, nó ag maoiniú clár dá leithéid, go sonrach sa réimse maidir le draenáil chomhshaoil a chothabháil. Tá sé aitheanta ag OOP áfach gur gá tabhairt faoi réimsí eile taighde, faoi chlár struchtúraithe straitéiseach, chun freastal ar riachtanais fhadtéarmacha, chomh maith le riachtanais ghearrthéarmacha.

Tá creat struchtúraithe ullmhaithe le haghaidh cláir náisiúnta taighde agus forbartha maidir le baoil ó thuilte a bhainistiú, agus tá sé i gceist go dtionsnófar an clár sin in 2009.

 

 

  • Cóipcheart
  • Ráiteas Príobháideachais
  • ONEGOV
  • Suíomh Idirlín Rialtas na hÉireann
  • EU2013