opw_logo

OPW: Office of Public Works
Oifig na nOibreacha Poiblí

  • Text Size:
  • A
  • A
  • A
  • Ráiteas um Inrochtaineacht
  • Mapa an tSuímh

English

Gaeilge

  • Information for:
  • Foirgnimh & Ailtireacht
  • Baoil ó Thuilte a Bhainistiú
  • Oidhreacht
  • Soláthar
  • Quicklinks
    • Fáilte an Aire
    • Saoráil Faisnéise
    • Ealaín an Stáit
    • An Dílárú
    • Foilseacháin an OOP
    • Foilseacháin an Rialtais
  • Suíomhanna eile OOP
    • Cath na Bóinne
    • Teach Bhaile an Chaisleáin
    • Farmleigh
    • Tuilte
    • Oidhreacht Éireann
    • Sonraí Hidriméadrachta
    • Hidreolaíocht Éireann
    • Iris Oifigiuil
    • Caisleán Chill Chainnigh
    • Garraithe Náisiúnta na Lus
    • Páirc an Fhionnuisce
W3C Compliant - AA Accessible

You are here: BaileBaoil ó Thuilte a BhainistiúCúlra & BeartasBaoil ó Thuilte a BhainistiúCláir Oibriúcháin: Scéimeanna Faoisimh ó Thuilte


Cláir Oibriúcháin: Scéimeanna Faoisimh ó Thuilte

 

Reachtaíocht Ábhartha

Tagann údarás agus freagracht reachtúil OOP as scéimeanna faoisimh ó thuilte a chur i gcrích, ó na hAchtanna Siltin Airtéirigh, ón Acht Siltin Airtéirigh 1945 agus ón Acht Siltin Airtéirigh (Leasú) 1995 go príomha. Faoi na hAchtanna, tá sé de chumhacht ag OOP scéimeanna faoisimh ó thuilte a dhearadh agus, faoi réir cead a fháil ón Aire Airgeadais, scéimeanna faoisimh ó thuilte a fheidhmiú. Ó Acht 1995, leagadh an bhéim ar limistéir uirbeacha a bhíonn i mbaol tuilte a chosaint sna háiteanna is airde dlús na maoine a bhíonn thíos le tuilte agus is mó a rachfadh scéim faoisimh ó thuilte (.i. damáiste seachanta) chun tairbhe dá bharr.

Clár Saothair Reatha OOP maidir le Faoiseamh ó Thuilte

Critéir

Agus é á dhéanamh amach cibé acu an bhfuil scéim faoisimh ó thuilte le cur i ngníomh, tugann OOP aird ar na critéir leathana seo a leanas:

(a) caithfidh gnéithe teicniúla na scéime a bheith inchomhlíonta:

(b) caithfidh go mbeidh tairbhe leis an scéim ó thaobh costais de i gcoitinne (beidh anailís ar chostais is tairbhe le déanamh chun fiúntais an tionscadail ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta a dhéanamh amach); agus

(c) caithfidh go mbeidh scéim oiriúnach ó thaobh cúrsaí comhshaoil de (tugtar faoi Staidéar ar an Tionchar ar an gComhshaol de ghnáth le haghaidh gach scéime agus caithfidh an scéim riachtanais an Staidéir sin a chomhlíonadh).

Bearta

Is féidir aon bheart a laghdaíonn baoil nó tionchair thuilte a chur isteach mar chuid de scéimeanna faoisimh ó thuilte. Mar shampla, áirítear an méid seo a leanas le roinnt de na roghanna a bhféadfaí cuimhneamh orthu: tuilte a shrianadh (ballaí buana, claífoirt, bacainní tuilte sobhainte, srl.); toilleadh an tsrutha in aibhneacha a mhéadú trí chainéil a leathnú, a dhoimhniú, a athailíniú nó a chothabháil, struchtúir a bhaint nó a mhodhnú (droichid, coraí, srl.); uisce a choinneáil nó a stóráil níos faide suas aibhneacha trí dhambaí nó trí thuilemhá nádúrtha a líonadh mar chuid de phróiseas smachtaithe; cuid de shruth na tuile a atreorú (trí chainéal faoisimh ó thuile nó trí sheach-chainéal) nó an abhainn ar fad a atreorú (cainéal iomlán a atreorú); córais rabhaidh faoi thuilte lena soláthrófar rabhadh leordhóthanach faoi thuile a bheidh ag bagairt ar cheantar agus lena ligfear do chónaitheoirí agus d'údaráis áitiúla gníomhú chun tionchair na tuile a laghdú (tá córas éifeachtach rabhaidh faoi thuile bunriachtanach i gcás go mbeidh bacainní tuile sobhainte á n-úsáid).

Próiseas le Scéimeanna a Chur i nGníomh

Tá roinnt bunchéimeanna sa phróiseas le scéim aonair faoisimh ó thuilte a chur i ngníomh. De ghnáth, tionscnaítear an próiseas mar fhreagairt ar iarraidh ó Údarás Áitiúil.

Ar dtús, déantar measúnacht tosaigh, lena mbreathnaítear go grinn ar an gcúis leis an mbaol ó thuile agus ar scála an bhaoil sin agus lena ndéantar amach an cuí d'OOP plé leis. Go gairid amach anseo, TABHARFAR faoi Mheasúnacht Tosaigh ar an mBaol ó Thuilte de réir cheanglais na Treoracha maidir le 'Tuilte', agus soláthrófar leis sin measúnacht tosaigh ar an mbaol ó thuilte ar leibhéal náisiúnta.

Déantar réamhstaidéar indéantachta ina dhiaidh sin le déanamh amach cé acu an dócha go mbeidh scéim inmharthana.

Más amhlaidh go mbeidh, tagann an chéim maidir le hindéantacht agus dearadh imlíneach ina dhiaidh sin nuair a dhéantar measúnacht mhionsonraithe, ina ndéantar cuid mhór sonraí a bhailiú agus go leor suirbhéireachtaí, agus lena measúnaítear na roghanna féideartha maidir le faoisimh a thabhairt ó thuilte agus lena roghnaítear, ar deireadh, scéim mholta faoisimh ó thuilte, leis na húdair leis an scéim sin leagtha amach chomh maith le dearadh imlíneach.

Táthar ag leanúint cur chuige anois lena gcuimsítear dobharcheantar iomlán, de réir beartais reatha, leis an mbaol ó thuilte a mheasúnú agus le bearta bainistíochta baol a fhorbairt. Tá an cur chuige sin á chur i ngníomh trí Staidéir um Baoil ó Thuilte i nDobharcheantair a Mheasúnú agus a Bhainistiú (Staidéir BTDMB), lena gcomhlíonfar, do na suíomhanna is mó atá i mbaol, na cuspóirí a bhaineann leis na réamhchéimeanna indéantachta, céimeanna na hindéantachta agus céim na dearthóireachta imlíní, cé go gcaithfear roinnt oibre áitiúla a dhéanamh chun an scéal a dhearbhú, chomh maith le hobair dhearthóireachta, sula mbogfar ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile maidir le bheith ag ullmhú le haghaidh Taispeántais Phoiblí (féach thíos).

Ina dhiaidh sin, tagann an chéim ina n-ullmhaítear cáipéisí agus céim an Taispeántais Phoiblí. Is éard a bhíonn i gceist leis sin cáipéisíocht na scéime a ullmhú (sceidil lena leagtar amach mionsonraí agus tairbhe na scéime lena n-áirítear ainmneacha dhílseánaigh, úinéirí agus shealbhóirí na dtailte a gcuirfidh an scéim atá molta isteach orthu; léarscáileanna, líníochtaí, pleananna, codanna lena leagfar amach na mionsonraí teicniúla; Ráiteas faoin Tionchar ar an gComhshaol, más gá; agus Fógraí Trasnaíochta a sheolfar chuig gach duine ábhartha lena míneofar go mion fairsinge na n-oibreacha atáthar ag beartú a dhéanamh ar a gcuid tailte nó maoine faoi seach agus aon trasnaíocht éigeantach, nó éadáil éigeantach, atá beartaithe i leith na dtailte agus na maoine sin.

Déantar gach ceann de Cháipéisí na Scéime a chur ar aghaidh chuig an Údarás Áitiúil ábhartha agus cuirtear iad ar Taispeáint go Poiblí i bhfoirgneamh nó i bhfoirgnimh phoiblí sa limistéar ar feadh tréimhse 4 seachtaine go hiondúil a mbíonn an deis ag páirtithe leasmhara agus ag an bpobal staidéar a dhéanamh ar na tograí lena linn agus tuairimí, barúlacha, agóidí srl. a dhéanamh fosta. Bíonn baill foirne OOP agus/nó foireann chomhairliúcháin ar fáil ag an Taispeántas Poiblí chun fiosrúcháin a fhreagairt agus soiléiriú a thairiscint. Cuirtear Fógraí Trasnaíochta ar aghaidh chuig páirtithe leasmhara freisin roimh thréimhse an Taispeántais. Tugtar freagra ar gach barúil dá bhfaightear agus, más gá, féadfar an scéim a athbhreithniú dá dtoradh.

Tar éis an Taispeántais Phoiblí, cuirtear an scéim faoi bhráid an Aire Airgeadais leis an Scéim a Dhearbhú.

Nuair a bheidh an scéim dearbhaithe ag an Aire, cumhachtaítear do OOP an scéim a chur i ngníomh agus bogann an próiseas ar aghaidh chuig céim na dearthóireachta mionsonraithe agus na hoibre tógála. De ghnáth, ceapann OOP gnólacht innealtóirí comhairliúcháin chun gníomhú mar an tInnealtóir (dearthóireacht mhionsonraithe, maoirseacht ar an obair thógála, srl.) agus gnólacht conraitheoirí innealtóireachta chun obair thógála a bhaineann leis an scéim féin a dhéanamh. Nuair a bheidh na hoibreacha ar fad curtha i gcrích, eiseoidh an tAire Airgeadais Deimhniú Críochnaithe. Sula n-eiseofar an Deimhniú, bíonn fráma ama socraithe a nglacfar aon agóidí lena linn agus a gcaithfear déileáil leo sula síneofar agus sula séalófar an Deimhniú Críochnaithe.

Ar deireadh, bíonn céim na monatóireachta agus na cothabhála i gceist nuair a ghlacann OOP freagracht as obair leanúnach mhonatóireacht agus chothabhála i leith na scéime.
  • Cóipcheart
  • Ráiteas Príobháideachais
  • ONEGOV
  • Suíomh Idirlín Rialtas na hÉireann
  • EU2013