opw_logo

OPW: Office of Public Works
Oifig na nOibreacha Poiblí

  • Text Size:
  • A
  • A
  • A
  • Ráiteas um Inrochtaineacht
  • Mapa an tSuímh

English

Gaeilge

  • Information for:
  • Foirgnimh & Ailtireacht
  • Baoil ó Thuilte a Bhainistiú
  • Oidhreacht
  • Soláthar
  • Quicklinks
    • Fáilte an Aire
    • Saoráil Faisnéise
    • Ealaín an Stáit
    • An Dílárú
    • Foilseacháin an OOP
    • Foilseacháin an Rialtais
  • Suíomhanna eile OOP
    • Cath na Bóinne
    • Teach Bhaile an Chaisleáin
    • Farmleigh
    • Tuilte
    • Oidhreacht Éireann
    • Sonraí Hidriméadrachta
    • Hidreolaíocht Éireann
    • Iris Oifigiuil
    • Caisleán Chill Chainnigh
    • Garraithe Náisiúnta na Lus
    • Páirc an Fhionnuisce
W3C Compliant - AA Accessible

You are here: BaileBaoil ó Thuilte a BhainistiúCúlra & BeartasBaoil ó Thuilte a BhainistiúCláir Oibriúcháin: Bearta Neamhstruchtúracha


Cláir Oibriúcháin: Bearta Neamhstruchtúracha

Éilítear leis an mBeartas Náisiúnta maidir le Tuilte go mbreithneofar go hiomlán bearta neamhstruchtúracha, chomh maith le bearta struchtúracha, chun baoil ó thuilte a bhainistiú. Mar fhreagairt air sin, i gcomhpháirtíocht le Ranna eile atá ina bpáirtithe leasmhara, le hÚdaráis Áitiúla agus le heagraíochtaí eile, tá raon de chláir shaothair forbartha agus á gcur i ngníomh ag OOP atá dírithe ar bheartais a fhorbairt, chomh maith leis an gcumas, chun úsáid iomlán agus éifeachtach a bhaint as bearta neamhstruchtúracha mar rogha malartach inmharthana ar scéimeanna faoisimh ó thuilte chun baoil ó thuilte a bhainistiú. Leagtar na cláir shaothair sin amach thíos:

 

Réamhaisnéis agus Rabhaidh faoi Thuilte

Is féidir le réamhaisnéis agus rabhaidh faoi thuilte a bheith ina n-uirlis éifeachtach chun baoil ó thuilte a bhainistiú trína chur ar chumas údarás, gnónna agus an phobail gníomhú roimh thuile chun an damáiste a d'fhéadfadh an tuile a dhéanamh a laghdú, amhail nithe luachmhara a bhogadh suas an staighre agus daoine leochaileacha a aslonnú chuig áiteanna sábháilte.

Tá córais réamhaisnéise tuilte forbartha ag OOP do Chluain Meala, Mala agus Mainistir Fhear Maí chun cosaintí sobhainte a fheidhmiú a bheidh ina gcuid de na scéimeanna faoisimh ó thuilte do na bailte sin, agus tá siad á dtástáil ag na hÚdaráis Áitiúla. Tá sé i gceist go n-úsáidfear an taithí a gheofar as na córais sin a fhorbairt agus a thástáil, mar aon le comhráite le saineolaithe agus le heagraíochtaí eile, chun córas cuí réamhaisnéise agus rabhaidh faoi thuilte a shainaithint agus a chur i ngníomh d'Eirinn.

Freagairt Éigeandála a Fhorbairt

I gcomhar leis an réamhaisnéis faoi thuilte, is féidir le freagairt ullmhaithe chuí ó Údaráis Áitiúla, ó ghníomhaireachtaí freagartha éigeandála agus ó pháirtithe leasmhara eile an damáiste a dhéanfaí de bharr tuile dá n-uireasa a laghdú.

Tá OOP ar tí críoch a chur le tionscadal atá dírithe ar threoir agus ar cháipéisí teimpléid a fhorbairt ar féidir leo cabhrú le hÚdaráis Áitiúla pleananna freagartha éigeandála a ullmhú le haghaidh tuilte, bunaithe ar léirmheas ar an gcleachtas idirnáisiúnta is fearr agus ar staidéir phíolótacha a rinneadh do Chluain Meala, Mala agus Mainistir Fhear Maí.

Feasacht agus Ullmhacht an Phobail

Is féidir leis an bpobal, chomh maith le hÚdaráis Áitiúla agus eagraíochtaí freagartha éigeandála, tionchar tuilte a laghdú trí bheith eolach ar an mbaol ó thuilte agus trí bheith ullmhaithe le gníomhú má agus nuair a tharlaíonn tuile.

Tá feachtais feasachta poiblí rite ag OOP le dhá gheimhreadh anuas chun an chontúirt agus na baoil a bhaineann le tuilte a mheabhrú do dhaoine. Mar aon leis sin, tá leabhrán faisnéise forbartha ag OOP le comhairle a thabhairt do dhaoine faoin méid is féidir leo a dhéanamh chun cabhrú leo féin i gcás go dtarlóidh tuile. Tá an leabhrán seo ar fáil trí www.flooding.ie agus i bhfoirm chruachóipe trí oifigí Údaráis Áitiúil agus leabharlanna poiblí.

De réir mar a bhíonn léarscáileanna níos mionsonraithe ar fáil faoi ghuaiseacha agus faoi bhaoil ó thuilte tríd an gclár um bainistiú na mbaol ó thuilte a phleanáil, is féidir cur chuige níos áitiúla i leith na feasachta agus na hullmhachta le haghaidh baol ó thuile a leanúint chun cabhrú le daoine an baol a bhaineann leo féin go sonrach a thuiscint, chomh maith leis an méid ar chóir dóibh a dhéanamh le linn tuile.

Pleanáil agus Forbairt a Rialú

Is é OOP an comhlacht reachtúil a dtéitear i gcomhairle leis le haghaidh mórphleananna spásúla, amhail Treoirlínte um Pleanáil Réigiúnach, agus Pleananna Forbartha, faoin Acht um Pleanail, 2000.

Le foilsiú na dTreoirlínte maidir le 'An Córas Pleanala agus Baoil ó Thuilte a Bhainistiú' (Dréacht le haghaidh comhairliúcháin, M.F. 2008), leagadh béim ar thábhacht an róil sin d'OOP. Tá tuilleadh faisnéise faoi na Treoirlínte, agus faoi ról OOP maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar Mheasúnachtaí ar Bhaoil ó Thuilte agus ar Phleananna Spásúla agus le tacaíocht agus faisnéis a sholáthar chun cabhrú leis na húdaráis phleanála a gcuid dualgas a fheidhmiú, ar fáil tríd an nasc seo:

Treoirlínte d'Údaráis Phleanála 

Cainéil lena mbaineann Baol Mór a Ainmniú

Ní chumhachtaítear d'OOP ach tríd an reachtaíocht faoina ngníomhaíonn sí chun tabhairt faoi oibreacha nó faoi chothabháil ar chainéil atá ina gcuid de Scéim Dheimhnithe. Clúdaíonn Scéimeanna den sórt sin amuigh is istigh ar 20% de limistéar talún na tíre faoi láthair.

Chun a chumasú d'OOP tabhairt faoi mhionoibreacha amhail cainéil a chothabhail, nach bhfuil ina gcuid de Scéim, ach a bhféadfadh baol suntasach ó thuile teacht as na cainéil dá ainneoin sin, moladh sa Tuairisc ón Athbhreithniú ar an mBeartas maidir le Tuilte go bhforbrófaí próiseas réamhghníomhach maidir le cainéil a ainmniú lena chinntiú go bhféadfaí cainéil lena mbaineann baol mór a chothabháil ar fud na tíre chun an baol ó thuilte a sheachaint nó a laghdú. Is dócha go mbeidh leasú ar reachtaíocht reatha ag teastáil le haghaidh próisis den sórt sin, agus tá scrúdú á dhéanamh faoi láthair air sin, mar aon le meicníochtaí agus critéir féideartha a d'fhéadfaí a úsáid le cainéil a ainmniú.

Cláir a Sheachadadh go hÉifeachtach Éifeachtúil

Mar aon le bearta éifeachtacha chun baoil ó thuilte a laghdú nó a bhainistiú, tá sé tábhachtach go mbeidh na próisis le bearta den sórt sin a sheachadadh, le cistí a leithdháileadh ar na bearta sin, agus le gníomhaíochtaí páirtithe leasmhara difriúla a chomhordú, éifeachtúil agus éifeachtach sa chaoi is go mbainfear an leas is fearr as na hacmhainní daonna agus as na buiséid airgeadais a bheidh ar fáil.

Caiteachas a Chur in Ord Tosaíochta

Lena chinntiú go leithdháilfear cistí a bheidh ar fáil chun laghdú gearrthéarmach agus fadtéarmach na mbaol a bharrfheabhsú in aghaidh gach euro dá gcaitear, tá córas eagraithe tosaíochtaí ag teastáil lena gcinnteofar an caiteachas is barrmhaitheasaí i réimse na bhfaoiseamh ó thuilte agus na bainistíochta baol, agus a bheidh cothrom agus trédhearcach freisin.

Tá córais forbartha atá bunaithe ar líon teoranta critéar (amhail toradh ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta agus tionchar ar an gcomhshaol). Tá anailís leanúnach á déanamh áfach ar chórais atá níos casta agus níos cuimsithí chun socrú a dhéanamh le haghaidh saincheisteanna ábhartha eile amhail inoiriúnaitheacht do thionchar an athraithe ar an aeráid agus do thairbhí eile a d'fhéadfadh a bheith ag na hoibreacha ó thaobh cúrsaí sóisialta, comhshaoil, cultúir agus eile.

Bunachar Sócmhainní agus Sócmhainní a Bhainistiú

De réir mar a rinneadh oibreacha struchtúracha agus scéimeanna draenála mar bhealach leis an mbaol ó thuilte a laghdú, tá punann suntasach de shócmhainní fisiciúla (amhail ballaí, stáisiúin caidéalúcháin, claífoirt, srl.) curtha le chéile ar gá monatóireacht a dhéanamh orthu agus a chothabháil.

Tá bunachar sonraí forbartha lena chinntiú go mbeidh stór caighdeánaithe lárnach ann d'fhaisnéis a bhaineann leis na sócmhainní sin, lena n-áiritear a bhfeidhmíocht agus an bhail atá orthu chomh maith lena luach ó thaobh na rudaí atá á gcosaint acu. Tá ábhar á chur isteach sa bhunachar sonraí sin faoi láthair, agus beifear in ann monatóireacht agus cothabháil níos éifeachtaí agus níos spriocdhírithe a phleanáil dá bharr.

Athbhreithniú ar Reachtaíocht

Tá athbhreithniú ar reachtaíocht reatha ar siúl faoi láthair chun laigeachtaí, láidreachtaí agus leasuithe inmhianaithe a shainaithint chun cabhrú lena chinntiú go mbeidh creat dlíthiúil cuí i bhfeidhm chun beartais agus clair um bainistiú na mbaol ó thuilte a sheachadadh go héifeachtach.

Cumarsáid

Ceann de phríomhdhualgais OOP ina ról mar phríomhghníomhaireacht le baoil ó thuilte a bhainistiú is ea a chinntiú go gcomhordófar gníomhaíochtaí a dhéanann páirtithe leasmhara difriúla chun na baoil ó thuilte a bhainistiú, sa chaoi is go gcomhlíonfar cuspóirí a bhaineann leis an mbeartas.

Tá clár cumarsáide ar siúl faoi láthair agus á fhorbairt tuilleadh lena chinntiú go gcuirfear in iúl i gceart don phobal, do ranna rialtais, do na hÚdaráis Áitiúla agus d'eagraíochtaí ábhartha eile, próisis, treoirlínte, faisnéis agus torthaí na gclár chun beartais a chur i ngníomh agus faisnéis a fhorbairt, agus go mbeidh gach páirtí leasmhar páirteach agus ag idirghníomhú leis an gclár de réir mar is gá.

Freagairt Éigeandála á Forbairt ag OOP

Cé nach eagraíocht í OOP a fhreagraíonn d'éigeandálaí, is gá di freagairt do thuilte lena chinntiú go bhfeidhmeoidh a cuid sócmhainní cosanta tuilte agus is gá di fosta sonraí ábhartha a bhailiú chun an bonn straitéiseach faisnéise a thógáil. Tá OOP ag déanamh athbhreithnithe mar sin ar a nósanna imeachta féin sa chaoi is go gcinnteofar go bhfreagrófar go héifeachtach pras do thuilte.
  • Cóipcheart
  • Ráiteas Príobháideachais
  • ONEGOV
  • Suíomh Idirlín Rialtas na hÉireann
  • EU2013