opw_logo

OPW: Office of Public Works
Oifig na nOibreacha Poiblí

  • Text Size:
  • A
  • A
  • A
  • Ráiteas um Inrochtaineacht
  • Mapa an tSuímh

English

Gaeilge

  • Information for:
  • Foirgnimh & Ailtireacht
  • Baoil ó Thuilte a Bhainistiú
  • Oidhreacht
  • Soláthar
  • Quicklinks
    • Fáilte an Aire
    • Saoráil Faisnéise
    • Ealaín an Stáit
    • An Dílárú
    • Foilseacháin an OOP
    • Foilseacháin an Rialtais
  • Suíomhanna eile OOP
    • Cath na Bóinne
    • Teach Bhaile an Chaisleáin
    • Farmleigh
    • Tuilte
    • Oidhreacht Éireann
    • Sonraí Hidriméadrachta
    • Hidreolaíocht Éireann
    • Iris Oifigiuil
    • Caisleán Chill Chainnigh
    • Garraithe Náisiúnta na Lus
    • Páirc an Fhionnuisce
W3C Compliant - AA Accessible

You are here: BaileBaoil ó Thuilte a BhainistiúCúlra & BeartasBaoil ó Thuilte a BhainistiúBainistiú na mBaol ó Thuilte a Phleanáil


s é an beartas náisiúnta maidir le tuilte go mbainisteofar baoil ó thuilte ar bhonn na ndobharcheantar trí chreat de Phleananna Dobharcheantar chun Baoil ó Thuilte a Bhainistiú (PDBTBanna). Mar fhreagairt ar an mbeartas nua, tá modh forbartha ag OOP, agus á thástáil ar bhonn píolótach faoi láthair, chun na riachtanais sin, agus riachtanais eile, a chomhlíonadh trí rud ar a dtugtar Staidéir um Baoil ó Thuilte i nDobharcheantair a Mheasúnú agus a Bhainistiú (Staidéir BTDMB).

Cuspóirí na Staidéar BTDMB

Is iad cuspóirí na Staidéar BTDMB: -na limistéir laistigh den Limistéar Staidéir ina bhfuil guaiseacha agus baoil ó thuilte faoi láthair, agus ina bhféadfaidís a bheith amach anseo, a shainaithint agus a mhapáil, -bonn na faisnéise straitéisí a chur le chéile, atá riachtanach chun cinntí eolasacha a dhéanamh i ndáil le baoil ó thuilte a bhainistiú, agus, -bearta agus roghanna inmharthana struchtúracha agus neamhstruchtúracha a shainaithint chun na baoil ó thuilte a bhainistiú do limistéir áitiúla a bhíonn i mbaol mór agus laistigh den dobharcheantar ar fad, agus, -(a) Plean(anna) Dobharcheantair chun Baoil ó Thuilte a Bhainistiú a ullmhú don limistéar, chomh maith le Measúnacht Straitéiseach Comhshaoil ghaolmhar, lena leagfar amach bearta agus beartais a bheidh curtha in ord tosaíochta, ar chóir d'OOP, d'Údaráis Áitiúla agus do Pháirtithe Leasmhara eile leanúint leo chun an próiseas bainistíochta is costéifeachtaí agus is inbhuanaithe a bhaint amach i leith na mbaol ó thuilte laistigh den Limistéar Staidéir.

Scóip na Staidéar BTDMB

Chun na cuspóirí thuas a bhaint amach, tá an obair seo a leanas i gceist leis na Staidéir BTDMB: -Sonraí a bhaineann le tuilte laistigh den Limistéar Staidéir a bhailiú agus a anailísiú - Sócmhainní a thugann cosaint in aghaidh tuilte a shainaithint, agus an bhail atá orthu agus a fheabhas is a fheidhmíonn siad a mheasúnú -Bainistiú a dhéanamh ar aon suirbhéireachtaí atá riachtanach (amhail suirbhéireachtaí topagrafacha, suirbhéireachtaí ar chainéil, suirbhéireachtaí struchtúracha agus ar shócmhainní cosanta) chun na seirbhísí atá ag teastáil a sholáthar, agus/nó na suirbhéireachtaí sin a dhéanamh -Anailís ar hidreolaíocht an Limistéir Staidéir, lena n-áirítear samhail hidreolaíochta chuí a fhorbairt chun anailís a dhéanamh ar thionchar tuiltí samhlaithe éagsúla ar áiteanna -Anailís hiodrálach (samhaltú san áireamh) ar na dobharlaigh ábhartha agus na criosanna ina bhfuil guais agus baoil ó thuilte a mhapáil -Baoil do shláinte an duine, don chomhshaol, don oidhreacht chultúir agus don eacnamaíocht a dhéanamh amach -Cuspóirí a dhéanamh amach, don Limistéar Staidéir ar fad, maidir le hobair bhainistithe na mbaol ó thuilte le béim ar leith ar na limistéir ina bhféadfadh baol suntasach nó measartha a bheith i gceist, agus bearta féideartha, um bainistiú na mbaol ó thuilte, a fhorbairt agus a bhreithmheas sa chaoi is go gcomhlíonfar na cuspóirí sainmhínithe - Straitéis chuí, um bainistiú na mbaol ó thuilte, a dhéanamh amach don Limistéar Staidéir -Plean um Bainistiú na mBaol ó Thuilte a ullmhú don Limistéar Staidéir, chomh maith le tuairiscí faoi thorthaí an Tionscadail.

Clúdach na Staidéar agus a mhionléirithe is atá siad

Tá na Staidéir BTDMB bunaithe ar dhobharcheantair, agus breathnaíonn siad ar na baoil ó thuilte laistigh de chomhthéacs an dobharcheantair ar fad. Bíonn leibhéal na mbaol éagsúil in áiteanna difriúla sa dobharcheantar áfach, agus is minice gur lú go mór an baol a bhíonn i gceist i limistéir tuaithe ar thalamh ard, ná an baol a bhíonn i gceist do shráidbhailte, bhailte móra agus do chathracha a bhíonn suite in ionaid níos ísle sa dobharcheantar go hiondúil. Mar gheall ar fhairsingeacht na ndobharcheantar a chlúdaítear leis na Staidéir BTDMB, níl sé praiticiúil ná costéifeachtach aghaidh a thabhairt ar gach aon rud a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le tuile, a bhféadfadh go leor díobh a bheith mionchúiseach agus ina n-údar le baol nach féidir a mheas mar bhaol suntasach ar scála dobharcheantair, nó ar scála réigiunach nó náisiúnta. Laistigh de chomhthéacs an dobharcheantair ar fad mar sin, dírítear leis na Staidéir BTDMB ar limistéir ina bhféadfadh baol suntasach ó thuilte a bheith i gceist.

Ar an gcaoi chéanna, ní bheadh sé praiticiúil do lucht déanta na Staidéar bearta a fhorbairt, a d'fhéadfaí a úsáid le baoil ó thuilte a bhainistiú, a fhad le céim na dearthóireachta mionléirithe nó leis an gcéim leis na bearta sin a chur i gcrích. Níl sé i gceist ag lucht déanta na Staidéar BTDMB ach réiteach amháin nó níos mó a shainaithint agus a fhorbairt a fhad le céim na breac-dhearthóireachta, i gcás go bhfuil sé déanta amach ina leith gurb iad na réitigh sin na cinn is fearr ó thaobh tairbhe agus costas do limistéir, lena mbaineann baol shuntasach, agus don dobharcheantar ar fad.

Staidéir Phíolótacha agus an Clár Amach Anseo

Tá trí chinn de Staidéir phíolótacha BTDMB ar siúl faoi láthair, mar atá: -Staidéar BTDMB na Laoi (Nasc le Bileog an Tionscadail – Nasc le www.leecframs.ie) -Staidéar BTDMB na Dothra (Nasc le Bileog an Tionscadail) -Staidéar BTDMB na Siúire (Nasc le Bileog an Tionscadail)

Staidéar BTDMB Fhine Gall Oirthear na Mí (Nasc le Bileog an Tionscadail)
  • Cóipcheart
  • Ráiteas Príobháideachais
  • ONEGOV
  • Suíomh Idirlín Rialtas na hÉireann
  • EU2013