Trína cuid cumhachtaí agus dualgas stairiúil faoin reachtaíocht ábhartha, a ról nua tar éis an athbhreithnithe ar bheartais náisúnta maidir le tuilte, agus tar éis don Treoir maidir le 'Tuilte' a bheith glactha, tá clár náisiúnta um baoil ó thuilte a bhainistiú á chomhordú agus á chur i ngníomh ag OOP.
Leanann an clár straitéis lena mbaineann ceithre phríomhthéama:
Faisnéis Straitéiseach a Fhorbairt: An fhaisnéis riachtanach a fhorbairt maidir le guaiseacha tuilte agus faoi bhaoil ó thuilte, lena n-áirítear taighde gaolmhar, sa chaoi is go mbeifear in ann cinntí a dhéanamh go héifeachtach.
Bainistiú na mBaol ó Thuilte a Phleanáil: Guaiseacha agus baoil ó thuilte a shainaithint agus cláir oibriúcháin a phleanáil go straitéiseach chun baoil ó thuilte a bhainistiú
Cláir Oibriúcháin: Bearta um bainistiú na mbaol ó thuilte a sheachadadh, lena n-áirítear scéimeanna faoisimh ó thuilte, bearta agus cláir neamhstruchtúracha, agus draenáil artaireach a chothabháil
Clár a Sheachadadh go hÉifeachtach Éifeachtúil: Ag cinntiú go spriocdhíreofar agus go seachadfar an clár náisiúnta um bainistiú na mbaol ó thuilte ar an mbealach is fearr is féidir ó thaobh infheistíochtaí caipitil agus na húsáide a bhainfear as acmhainní daonna agus airgeadais.
Tá tuilleadh sonraí maidir le gnéithe buntábhachtacha den chlár náisiúnta um baoil ó thuilte a bhainistiú ar fáil ach na naisc thíos a leanúint:
Cláir chun Faisnéis Straitéiseach a Fhorbairt
Cláir Oibriúcháin a Phleanáil chun Baoil ó Thuilte a Bhainistiú:
Cláir Oibriúcháin maidir le Draenáil Artaireach a Chothabháil:
Cláir Oibriúcháin na Scéimeanna Faoisimh ó Thuilte
Clár na mBeart Neamhstruchtúrach a Sheachadadh go hÉifeachtach Éifeachtúil