opw_logo

OPW: Office of Public Works
Oifig na nOibreacha Poiblí

  • Text Size:
  • A
  • A
  • A
  • Ráiteas um Inrochtaineacht
  • Mapa an tSuímh

English

Gaeilge

  • Information for:
  • Foirgnimh & Ailtireacht
  • Baoil ó Thuilte a Bhainistiú
  • Oidhreacht
  • Soláthar
  • Quicklinks
    • Fáilte an Aire
    • Saoráil Faisnéise
    • Ealaín an Stáit
    • An Dílárú
    • Foilseacháin an OOP
    • Foilseacháin an Rialtais
  • Suíomhanna eile OOP
    • Cath na Bóinne
    • Teach Bhaile an Chaisleáin
    • Farmleigh
    • Tuilte
    • Oidhreacht Éireann
    • Sonraí Hidriméadrachta
    • Hidreolaíocht Éireann
    • Iris Oifigiuil
    • Caisleán Chill Chainnigh
    • Garraithe Náisiúnta na Lus
    • Páirc an Fhionnuisce
W3C Compliant - AA Accessible

You are here: BaileBaoil ó Thuilte a BhainistiúCúlra & BeartasAn Comhshaol a Chosaint


Rannán Comhshaoil

Is iad príomhchuspóirí an Rannáin Chomhshaoil tacaíocht agus comhairle theicniúil a sholáthar don tseirbhís um Chothabháil na Draenála Artairí, an fheidhmíocht ó thaobh an chomhshaoil de a fheabhsú go leanúnach, cleachtais nua a chur i ngníomh agus taighde ar an gcomhshaol a bhainistiú.

 

Creat Reachtaíochta

Déanann an Rannán Comhshaoil athbhreithniú ar reachtaíocht agus ar threoracha reatha comhshaoil agus saithaithníonn oibleagáidí a thagann dá mbarr. Lena chois sin, ullmhaítear aighneachtaí i ndáil le reachtaíocht nua agus beartais nua a bheartaítear agus a bhaineann leis an tseirbhís um Chothabháil na Draenála Artairí.

 

Oibreacha a Mheasúnú ó thaobh an Chomhshaoil de

Gníomhaíocht leanúnach a dhéantar ar fud an stáit is ea oibríochtaí reachtúla chun an draenáil a chothabháil agus déantar an rud céanna i leith go leor láithreán Eorpach, a bheag nó a mhór, rud a fhágann go mb'fhéidir go bhfuil gá le hilmheasúnachtaí aonair comhshaoil.

Tá sraith de Mheasúnachtaí ar Thionchar Chothabháil na Draenála Artairí ar an Éiceolaíocht déanta ag OOP. Tá tuairiscí na measúnachtaí liostaithe anseo. 

 

Taighde & Oiliúint maidir leis an gComhshaol

 

Tá roinnt clár taighde curtha ar bun ag an Rannán comhshaoil, roinnt díobh i gcomhar leis na príomhpháirtithe leasmhara ó thaobh an chomhshaoil de. Is iad príomhchuspóirí na gclár seo modhanna oibriúcháin a shainaithint a bheidh neamhdhíobhálach don chomhshaol agus éifeachtach ó thaobh na hoibre leis an draenáil artaireach a chothabháil.

 

An Bhithéagsúlacht

Tháinig Éire chun bheith ina sínitheoir sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta fán Éagsúlacht Bhitheolaíoch i 1992 agus daingníodh an céanna i 1996. Dá réir sin, tá ceanglas ceangailteach ar Éirinn an bhithéagsúlacht a chaomhnú.

 

An Oidhreacht

Foilsíodh an Plean Náisiúnta Oidhreachta in 2002 agus is straitéis cúig bliana atá ann chun an oidreacht a chosaint agus a bhreisiú.

Bainistiú Dramhaíola

Tá athbhreithniú déanta ar an mbainistiú dramhaíola laistigh de iostaí OOP le roinnt blianta anuas. Cuireadh pleananna tosaigh i bhfeidhm chun tromlach na dramaíola dá ghintear a laghdú, a athúsáid nó a athchúrsáil. Tá athbhreithniú agus uasdátú á dhéanamh faoi láthair ar an dul chun cinn atá déanta sa réimse seo.

Measúnacht Straitéiseach Comhshaoil (MSC)

Tá MSC á déanamh maidir leis an Draenáil Artaireach a Chothabháil agus maidir le Cainéil lena mBaineann Baol Mór a Ainmniú. Tá an chéim scópála curtha i gcrích lena n-áirítear an Tuairisc faoin Scópáil chomh maith le comhairliúcháin leis na hÚdaráis Chomhshaoil atá ainmnithe. Tá aiseolas ón gcéim scópála á chur isteach ina chuid den Tuairisc Chomhshaoil. Déanfar an Tuairisc Chomhshaoil agus an comhairliúchán gaolmhar leis an bpobal sa tríú ráithe de 2010.

  • Cóipcheart
  • Ráiteas Príobháideachais
  • ONEGOV
  • Suíomh Idirlín Rialtas na hÉireann
  • EU2013