opw_logo

OPW: Office of Public Works
Oifig na nOibreacha Poiblí

  • Text Size:
  • A
  • A
  • A
  • Ráiteas um Inrochtaineacht
  • Mapa an tSuímh

English

Gaeilge

  • Information for:
  • Foirgnimh & Ailtireacht
  • Baoil ó Thuilte a Bhainistiú
  • Oidhreacht
  • Soláthar
  • Quicklinks
    • Fáilte an Aire
    • Saoráil Faisnéise
    • Ealaín an Stáit
    • An Dílárú
    • Foilseacháin an OOP
    • Foilseacháin an Rialtais
  • Suíomhanna eile OOP
    • Cath na Bóinne
    • Teach Bhaile an Chaisleáin
    • Farmleigh
    • Tuilte
    • Oidhreacht Éireann
    • Sonraí Hidriméadrachta
    • Hidreolaíocht Éireann
    • Iris Oifigiuil
    • Caisleán Chill Chainnigh
    • Garraithe Náisiúnta na Lus
    • Páirc an Fhionnuisce
W3C Compliant - AA Accessible

You are here: BaileBaoil ó Thuilte a BhainistiúCéard a DhéanaimidRóil & Freagrachtaí

Róil & Freagrachtaí


Sainmhínítear sa Bheartas náisiúnta chun baoil ó thuilte a bhainistiú róil do chomhlachtaí éagsúla stáit maidir le baoil ó thuilte a bhainistiú.

OOP

  • Is í Oifig na nOibreacha Poiblí an phríomhghníomhaireacht chun baoil ó thuilte a bhainistiú in Éirinn.

Tá roinnt ról oibriúcháin ag OOP freisin:

Baoil ó thuilte atá ann faoi láthair

  • Faisnéis a sholáthar do dhaoine agus do ghnónna atá i mbaol tuilte ( http://www.flooding.ie )
  • Faisnéis faoi thuilte roimhe seo a sholáthar ( http://www.floodmaps.ie )
  • Sonraí faoi shruth agus leibhéal an uisce a bhailiú agus a scaipeadh ( http://www.opw.ie/hydro )
  • Scéimeanna Draenála Artairí agus Scéimeanna Faoisimh ó Thuilte a rinneadh faoi na hAchtanna Siltin Airtéirigh, 1945-1995, a chothabháil.
  • Scéimeanna nua faoin Acht Siltin Airtéirigh (Leasú) 1995 a ullmhú, a mhaoiniú agus a chur i gcrích.
  • Cúnamh do Údaráis Áitiúla ina bhfreagairt do limistéir atá i mbaol ó thuilte.
  • Cothabháil a sholáthar do scéimeanna reatha chun an cósta a chosaint, a rinneadh faoin Acht um Chaomhnú an Chósta, 1963.

    Baoil ó thuilte amach anseo

  • Oibreacha rialúcháin ar choraí agus ar dhroichid faoi ailt 47 agus 50 den Acht Siltin Airtéirigh, 1945.
  • Faisnéis agus treoir a sholáthar do Údaráis Áitiúla chun pleananna forbartha reachtúla a fhorbairt.
  • Comhairle maidir le beartais a sholáthar faoi fhorbairt ar thuilemhánna agus cois aibhneacha.
  • Faisnéis a sholáthar faoi bhaoil ó thuilte do Údaráis Áitiúla agus don phobal trí Phleananna Measúnachta a fhorbairt i leith na mBaol ó Thuilte chomh maith le Pleananna um Bainistiú na mBaol ó Thuilte do limistéir chriticiúla agus do dhobharcheantair.
  • Taighde a dhéanamh m.sh. chun meastacháin a fheabhsú faoi shruthanna tuilte.
  • Cláir bhliantúla a ullmhú le haghaidh maoiniúcháin leis an gcósta a chosaint, agus an obair bhainistíochta tionscadal a dhéanamh maidir le bearta sonraithe dá dtugtar tús áite chun an cósta a chosaint agus maidir le staidéir i limistéir atá i mbaol agus dá dtugtar tús áite.
  • Seirbhís chomhairleach a sholáthar i ndáil leis an gCósta a Chosaint agus maidir le Tuilte Cois Cósta.

Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil

  • Leagann an Roinn treoirlínte síos maidir le beartais do údaráis áitiúla agus Pleananna Forbartha á n-ullmhú acu faoin Acht um Pleanail agus Forbairt, 2000.

Údaráis Áitiúla:

  • Pleananna forbartha a fhorbairt don todhchaí agus forbairt a bhainistiú.
  • Freagairt éigeandála a sholáthar le linn tuilte.
  • Oibreacha a dhéanamh chun an pobal agus bonneagar a chosaint ar thuilte.
  • Roinnt oibreacha draenála a chothabhail.
 
  • Cóipcheart
  • Ráiteas Príobháideachais
  • ONEGOV
  • Suíomh Idirlín Rialtas na hÉireann
  • EU2013