opw_logo

OPW: Office of Public Works
Oifig na nOibreacha Poiblí

  • Text Size:
  • A
  • A
  • A
  • Ráiteas um Inrochtaineacht
  • Mapa an tSuímh

English

Gaeilge

  • Information for:
  • Foirgnimh & Ailtireacht
  • Baoil ó Thuilte a Bhainistiú
  • Oidhreacht
  • Soláthar
  • Quicklinks
    • Fáilte an Aire
    • Saoráil Faisnéise
    • Ealaín an Stáit
    • An Dílárú
    • Foilseacháin an OOP
    • Foilseacháin an Rialtais
    • Róil & Freagrachtaí
    • Mórthionscadail
    • Alt 50
  • Suíomhanna eile OOP
    • Cath na Bóinne
    • Teach Bhaile an Chaisleáin
    • Farmleigh
    • Tuilte
    • Oidhreacht Éireann
    • Sonraí Hidriméadrachta
    • Hidreolaíocht Éireann
    • Iris Oifigiuil
    • Caisleán Chill Chainnigh
    • Garraithe Náisiúnta na Lus
    • Páirc an Fhionnuisce
W3C Compliant - AA Accessible

You are here: BaileBaoil ó Thuilte a BhainistiúCéard a Dhéanaimid


Céard a Dhéanaimid

Is í Oifig na nOibreacha Poiblí an phríomhghníomhaireacht sa Stát chun baoil ó thuilte a bhainistiú in Éirinn. Tá roinnt ról tábhachtach againn lena n-áirítear gníomhaíochtaí Rann Rialtais, Údarás Áitiúil agus comhlachtaí eile a chomhordú agus an próiseas a bhainistiú maidir leis an mbeartas náisiúnta a chur i ngníomh i leith baoil ó thuilte a bhainistiú. Tá sé sin bunaithe ar thuairisc an ghrúpa um Athbhreithniú ar an mBeartas maidir le Tuilte, a foilsíodh in 2003 agus a ghlac an Rialtas in 2004.

Ritheadh Treoir an AE maidir le Tuilte in 2007. Ceanglófar leis an Treoir sin ar Bhallstáit tabhairt faoi roinnt beart, lena n-áirítear léarscáileanna de bhaoil ó thuilte a sholáthar faoi cheann tréimhse sonraithe. Tá Anailís ar Thionchar Rialála ullmhaithe ag OOP faoi Threoir an AE maidir le Tuilte a thrasuíomh i ndlí na hÉireann agus tá cóip ar fáil anseo: Anailís ar Thionchar Rialála i ndáil le Treoir an AE maidir le Tuilte a Thrasuíomh

Chinn an Rialtas amach sa bhliain 2008 go n-aistreofaí an Rannán um Chriosanna Cois Cósta a Bhainistiú ón Roinn Talmhaíochta, Iascaigh & Bia chuig OOP.

Baoil reatha ó thuilte

Bímid ag obair chun baoil reatha ó thuilte a bhainistiú in éineacht leis an bpobal agus le comhlachtaí eile trí:

  • Faisnéis a sholáthar do dhaoine agus do ghnónna atá i mbaol ó thuilte (http://www.flooding.ie
  • Faisnéis faoi thuilte roimhe seo a sholáthar ( http://www.floodmaps.ie )
  • Sonraí faoi shruth agus leibhéal an uisce a bhailiú agus a scaipeadh ( http://www.opw.ie/hydro
  • Scéimeanna Draenála Artairí agus Scéimeanna Faoisimh ó Thuilte, a rinneadh faoi na hAchtanna Siltin Airtéirigh, 1945-1995, a chothabháil.
  • Scéimeanna nua faoin Acht Siltin Airtéirigh (Leasú) 1995 a ullmhú, a mhaoiniú agus a chur i gcrích.
  • Cúnamh d'Údaráis Áitiúla ina bhfreagairt do limistéir atá i mbaol ó thuilte.
  • Cothabháil a sholáthar do scéimeanna reatha chun an cósta a chosaint.
Baoil ó thuilte amach anseo

Bímid ag obair chun an baol ó thuilte a d'fhéadfadh teacht chun cinn amach anseo a laghdú trí:

  • Oibreacha rialúcháin ar choraí agus ar dhroichid faoi ailt 47 agus 50 den Acht Siltin Airtéirigh, 1945.
  • Faisnéis agus treoir a sholáthar d'Údaráis Áitiúla chun pleananna forbartha reachtúla a fhorbairt.
  • Comhairle maidir le beartais a sholáthar faoi fhorbairt ar thuilemhánna agus cois aibhneacha.
  • Faisnéis a sholáthar faoi bhaoil ó thuilte d'Údaráis Áitiúla agus don phobal trí Phleananna a fhorbairt maidir le Baoil ó Thuilte a Mheasúnú agus a Bhainistiú.
  • Taighde a dhéanamh m.sh. chun meastacháin faoi shruthanna tuilte a fheabhsú.
  • Scéimeanna cosanta cósta a sholáthar.
    Comhlachtaí eile Stáit
          • Soláthraíonn an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, trína rannóg pleanála, treoirlínte d'údaráis áitiúla maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe, lena n-áirítear baoil ó thuilte a bhainistiú.
          • Údaráis Áitiúla:
          • Pleananna forbartha a fhorbairt don todhchaí agus forbairt a bhainistiú.
          • Freagairt éigeandála a sholáthar le linn tuilte.
          • Oibreacha a dhéanamh chun an pobal agus bonneagar a chosaint ar thuilte.
          • Roinnt oibreacha draenála a chothabhail.
  • Cóipcheart
  • Ráiteas Príobháideachais
  • ONEGOV
  • Suíomh Idirlín Rialtas na hÉireann
  • EU2013