Is í an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) an comhlacht ainmnithe i ndáil le Measúnacht Straitéiseach Comhshaoil. Tá cur síos sa sliocht seo a leanas ó shuíomh idirlín an EPA ar an bpróiseas a bhíonn i gceist
"Strategic Environmental Assessment (SEA) is the process by which environmental considerations are required to be fully integrated into the preparation and adoption of plans and programmes. The objective of the SEA process is to provide for a high level of protection of the environment and to contribute to the integration of environmental considerations into the preparation and adoption of specified plans and programmes with a view to promoting sustainable development.
The steps involved in the environmental assessment are:
- The preparation of an environmental report
- The carrying out of consultations
- The integration of environmental considerations
- The publication of information on the decision
In addition, the significant environmental effects of the implementation of plans/programmes are required to be monitored."
Sonraítear aon earnáil déag sa reachtaíocht, ina gcaithfidh údaráis inniúla measúnacht comhshaoil a dhéanamh ar phleananna agus ar chláir a bhaineann le hábhair shonracha i gcás gur dócha go mbeidh éifeachtaí suntasacha acu ar an gcomhshaol.
Faoi Threoracha an Aontais Eorpaigh, caithfear dul i gcomhairle le húdaráis ábhartha, comhlachtaí ábhartha, grúpaí leasmhara áitiúla agus leis an bpobal i gcoitinne agus Measúnacht Straitéiseach Comhshaoil (MSC) á hullmhú le haghaidh Staidéar um Baoil ó Thuilte a Mheasúnú agus a Bhainistiú.
I gcásanna áirithe, ceanglaítear ar OOP MSC a dhéanamh le haghaidh pleananna nó clár. Caithfidh an comhlacht déanta cinntí (OOP) freagairtí sa chéim chomhairliúcháin a chur san áireamh agus Ráiteas a fhoilsiú lena dtabharfar le fios cén chaoi ar cuireadh na freagairtí sin san áireamh.