Nuair a chuirtear an obair thógála a bhaineann le scéim faoisimh ó thuilte i gcrích, scríobhann Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí chuig an Roinn Airgeadais le Deimhniú Críochnaithe a lorg a eiseoidh ionadaí thar ceann an Aire Airgeadais.
Fógraíonn an Roinn Airgeadais san Iris Oifigiúil agus i nuachtáin eile ansin go bhfuil faoin Aire Airgeadais deimhniú a eisiúint agus iarrann an Roinn go gcuirfear aon agóidí ina choinne sin faoina bráid faoi cheann tréimhse socraithe ama. Má fhaightear agóidí, caithfidh Oifig na nOibreacha Poiblí déileáil leo sula gcuirfear an Deimhniú Críochnaithe faoi bhráid na Roinne Airgeadais an athuair lena shíniú agus a shéalú.