Caithfear suirbhéireacht ar mhaoin a eagrú chun gach úinéir talún a rachaidh oibreacha na scéime i bhfeidhm orthu a shainaithint, faoi mar is gá faoin Reachtaíocht Siltin Airtéirigh. Caithfidh gach úinéir talún a rachaidh na hoibreacha i bhfeidhm orthu Fógra Trasnaíochta a fháil lena gcuirfear in iúl dóibh na dátaí a bheidh na cáipéisí ar fáil le hiniúchadh le linn dóibh a bheith ar Taispeáint go Poiblí, agus lena bhfógrófar dóibh fosta gach bealach a bhfuil sé beartaithe go gcuirfidh an scéim isteach ar a gcuid maoine.
Táirgeann OOP léarscáileanna móra de gach scéim, chomh maith le cáipéisí eile dlí, lena dtaispeánfar oibreacha atá beartaithe feadh na habhann, m.sh.
Táirgtear sceideal freisin lena dtaispeántar na hoibreacha atá le déanamh agus iad miondealaithe de réir an úinéara talún agus cuirtear an RTC ar taispeáint freisin. Cuirtear na cáipéisí seo ar taispeáint ag dhá ionad sa limistéar ábhartha ar feadh tréimhse 3 - 4 seachtaine (cé nach ndéantar socrú leis an Acht Siltin Airtéirigh (Leasú), 1995 ach ar feadh dhá sheachtain agus sin an méid).
Bíonn innealtóirí ar fáil chun labhairt le daoine ar laethanta a roghnaítear i gcaitheamh thréimhse an Taispeántais Phoiblí (idir 2 agus 3 thráthnóna chomh maith chun freastal ar dhaoine nach mbeadh in ann freastal ar na seisiúin i rith an lae). Fógraítear dátaí an Taispeántais Phoiblí, nuair a bheidh innealtóirí ann srl. i nuachtáin áitiúla agus ar an raidió áitiúil agus foilsítear an fógra faoin Taispeántas Poiblí san Iris Oifigiúil freisin.
Tá mí amháin ag páirtithe a rachaidh an scéim i bhfeidhm orthu aon bhreathnadóireachtaí a d'fhéadfadh a bheith acu faoi oibreacha na scéime atá beartaithe, a chur isteach.
Cuirtear gach cáipéis ar aghaidh chuig Ranna áirithe Rialtais agus Comhlachtaí áirithe Stáit freisin lena gcuid breathnadóireachtaí féin a fháil uathu. Déantar gach breathnadóireacht a bhreithniú agus pléitear leo sula gcuirtear an scéim faoisimh ó thuilte atá beartaithe faoi bhráid an Aire Airgeadais lena Dearbhú. D'fhéadfaí mionleasuithe a dhéanamh ar an scéim de bharr breathnadóireachtaí a fhaightear i rith an taispeántais, sula gcuirfear faoi bhráid an Aire í lena Dearbhú.