I rith na hoibre le scéim faoisimh ó thuilte a ullmhú, coimisiúnaíonn Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí Ráiteas faoin Tionchar ar an gComhshaol (RTC) nó staidéir eile éiceolaíochta nó comhshaoil a bhaineann leis na hoibreacha atá beartaithe nó atá riachtanach de réir an dlí. Sna chéad chéimeanna den obair leis an tuairisc seo a ullmhú, reáchtálann na Sainchomhairleoirí Comhshaoil Lá Faisnéise don Phobal (LFP) sa limistéar ábhartha. Is é cuspóir an lae sin aon fhaisnéis / sonraí áitiúla a iarraidh agus a bhailiú, a d'fhéadfadh a bheith bainteach leis na hoibreacha faoisimh ó thuilte atá beartaithe sa chaoi is gur féidir an fhaisnéis sin a chur san áireamh agus an scéim á dearadh. Reáchtáiltear an dara LFP sula dtugtar an RTC chun críche chun deis eile a thabhairt do chónaitheoirí / chomhlachtaí áitiúla a dtuairimí a thabhairt faoin dearadh, a bhfuil tús áite aige sa phróiseas roghnaithe, agus faoi chúrsaí comhshaoil ábhartha. Fógraítear an dá LFP sin i nuachtáin áitiúla agus ar an raidió áitiúil.