Soláthraíonn aonad gnó na Seirbhísí Innealtóireachta in OOP seirbhísí éagsúla trasna speictream na ndisciplíní innealtóireachta do chomhlachtaí Rialtais, d'institiúidí acadúla, d'oibrithe gairmiúla san earnáil phríobháideach agus don phobal i gcoitinne. Tá rún daingean ag lucht na Seirbhísí cloí leis na caighdeáin is airde i leith na seirbhísí ar fad a sholáthraíonn sé. Áirítear an méid seo leanas leo:-
Soláthraíonn Seirbhísí Innealtóireachta OOP an rúnaíocht do Choistí Náisiúnta na hÉireann den IHP (Clár Hidreolaíochta Idirnáisiúnta) agus don ICID (Coimisiún Idirnáisiúnta um Uisciú agus Draenáil)