opw_logo

OPW: Office of Public Works
Oifig na nOibreacha Poiblí

  • Text Size:
  • A
  • A
  • A
  • Ráiteas um Inrochtaineacht
  • Mapa an tSuímh

English

Gaeilge

  • Information for:
  • Foirgnimh & Ailtireacht
  • Baoil ó Thuilte a Bhainistiú
  • Oidhreacht
  • Soláthar
  • Quicklinks
    • Fáilte an Aire
    • Saoráil Faisnéise
    • Ealaín an Stáit
    • An Dílárú
    • Foilseacháin an OOP
    • Foilseacháin an Rialtais
  • Suíomhanna eile OOP
    • Cath na Bóinne
    • Teach Bhaile an Chaisleáin
    • Farmleigh
    • Tuilte
    • Oidhreacht Éireann
    • Sonraí Hidriméadrachta
    • Hidreolaíocht Éireann
    • Iris Oifigiuil
    • Caisleán Chill Chainnigh
    • Garraithe Náisiúnta na Lus
    • Páirc an Fhionnuisce
W3C Compliant - AA Accessible

You are here: BaileÁr nAonaid GhnóSeirbhísí CorparáideachaOifig an Aire StáitFáilte ón Aire

Fáilte chuig Suíomh Idirlín OPW


Go raibh maith agat as an am a ghlacadh le cuairt a thabhairt ar shuíomh idirlín Oifig na nOibreacha Poiblí.

I mí na Bealtaine 2008 ceapadh i m'Aire mé le freagracht as Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW). Bainistíonn OPW gach maoin de chuid an Stáit agus gach Foirgneamh Stáit ar fud na tíre. Tá breis is 2,000 fostaí aici i mbreis is 30 suíomh timpeall na hÉireann.

Tá OPW ar cheann de na comhlachtaí Stáit is sine in Éirinn - bunaíodh i mí Lúnasa 1831 i dtosach í. Is é misean OPW - "Seirbhísí ardchaighdeáin do chustaiméirí a sheachadadh, chun tacú le beartais an Rialtais, maidir le maoin, baoil ó thuilte a bhainistiú, cúrsaí soláthair ginearálta agus oidhreachta ar an mbealach is inbhuanaithe, éifeachtúla agus tíosaí is féidir".

Géag oibriúcháin de chuid an Rialtais atá in OPW. Is iad seo a leanas príomhfheidhmeanna na hOifige:

  • Punann maoine an Stáit a bhainistiú agus a chothabháil
  • Oifigí agus cóiríocht eile a sholáthar (trína gceannach, a dtógáil nó a bhfáil ar cíos) agus a fheistiú do Ranna, Oifigí agus Gníomhaireachtaí Rialtais
  • Tógáil foirgneamh nua a dhearadh agus a sheachadadh, foirgnimh atá ann cheana féin a athchóiriú, a oiriúnú agus a chaomhnú, agus tionscadail chothabhála foirgneamh
  • Tionscadail le faoiseamh a thabhairt ó thuilte a imscrúdú, suirbhéireacht a dhéanamh orthu, iad a dhearadh agus a thógáil
  • Scéimeanna draenála artairí a chothabháil
  • Seirbhís soláthair lárnach a sholáthar do Ranna, Oifigí agus Seirbhísí Rialtais i raon sainmhínithe d'earraí agus seirbhísí
  • Maoine oidhreachta ar leis an Stát iad a bhainistiú agus a fheidhmiú.

Go raibh maith agat arís as cuairt a thabhairt ar an suíomh seo. Tá súil agam go mbeidh do chuairt úsáideach duit agus má bhíonn aon fhiosrúchain agat maidir le haon mhíreanna ar an suíomh, cuir glaoch ar ár Rannóg Caidreamh Poiblí ar 01-647 6159.

Is mise le meas

Dr. Martin Mansergh, T.D.
Aire Stáit ag an Roinn Airgeadais
le freagracht speisialta as OPW.


Dr. Martin Mansergh T.D.

  • Cóipcheart
  • Ráiteas Príobháideachais
  • ONEGOV
  • Suíomh Idirlín Rialtas na hÉireann
  • EU2013