opw_logo

OPW: Office of Public Works
Oifig na nOibreacha Poiblí

  • Text Size:
  • A
  • A
  • A
  • Ráiteas um Inrochtaineacht
  • Mapa an tSuímh

English

Gaeilge

  • Information for:
  • Foirgnimh & Ailtireacht
  • Baoil ó Thuilte a Bhainistiú
  • Oidhreacht
  • Soláthar
  • Quicklinks
    • Fáilte an Aire
    • Saoráil Faisnéise
    • Ealaín an Stáit
    • An Dílárú
    • Foilseacháin an OOP
    • Foilseacháin an Rialtais
  • Suíomhanna eile OOP
    • Cath na Bóinne
    • Teach Bhaile an Chaisleáin
    • Farmleigh
    • Tuilte
    • Oidhreacht Éireann
    • Sonraí Hidriméadrachta
    • Hidreolaíocht Éireann
    • Iris Oifigiuil
    • Caisleán Chill Chainnigh
    • Garraithe Náisiúnta na Lus
    • Páirc an Fhionnuisce
W3C Compliant - AA Accessible

You are here: BaileÁr nAonaid GhnóSeirbhísí CorparáideachaLeabharlann

Leabharlann OOP


Is é príomhról na Leabharlainne freastal ar an iomaí riachtanas éagsúil faisnéise a bhíonn ag baill foirne OOP ar fud na tíre. Tá fáilte roimh dhaoine den phobal cuairt a thabhairt ar an Leabharlann trí choinne a dhéanamh chun breathnú ar ábhar sna réimsí speisialtóireachta dár gcuid. Tá freagracht ar an Leabharlann freisin as na bailiúcháin leabharlainne i láithreáin oidhreachta OOP.

Tá leabharlanna tábhachtacha le foireann leabharlannaithe ag Farmleigh agus ag Garraithe Náisiúnta na Lus.

Tá bailiúcháin ag na hionaid seo a leanas freisin: Cath na Bóinne, Eastát an tSeandroichid, Co. na Mí & Lú; Ionad an Bhlascaoid Mhóir, Co. Cath na Bóinne, Eastát an tSeandroichid, Co. na Mí & Lú; Ionad an Bhlascaoid Mhóir, Co. Chiarraí; an Casino, Marino, Baile Átha Cliath; Baile an Chaisleáin, Co. Chill Dara, Tigh Mór Dhoire Fhíonáin, Co. Chiarraí; Teach Glebe, Co. Dhún na nGall; Aill an Cheoláin, Co. Chorcaí; Cranlann John F. Kennedy, Co. Loch Garman; Caisleán Chill Chainnigh, Cill Chainnigh; Príosún Chill Mhaighneann, Baile Átha Cliath; Músaem an Phiarsaigh, Baile Átha Cliath; agus Caisleán Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath. 

Téann stair bhailiúchán leabharlann Cheanncheathrú OOP siar chuig an tráth a bunaíodh OOP sa bhliain 1831 agus tá an-chuid ábhair ann ón naoú agus ón bhfichiú céad. Léirítear ann raon leathan na ngníomhaíochtaí a raibh OOP ina mbun i gcaitheamh na tréimhse fada sin. Áirítear iad seo a leanas leis na réimsí reatha ábhair: ailtireacht, foirgníocht, innealtóireacht, draenáil artaireach, faoiseamh tuile, bainistíocht maoine, oidhreacht, ealaín, dlí, sláinte agus sábháilteacht, riarachán poiblí, bainistíocht, eacnamaíocht agus ríomhaireacht.

 

Cineálacha foilseachán sa Leabharlann

  • Reachtaíocht - reachtanna na hÉireann 1310-1800, reachtaíocht ghinearálta agus áitiúil na Breataine 1828-1939, reachtaíocht na hÉireann 1922 go dtí anois.
  • Tuairiscí Rialtais agus ó Choimisiúin, lena n-áirítear gach Tuarascáil Bhliantúil de chuid OOP 1831/2-.
  • Pleananna forbartha na nÚdarás Áitiúil.
  • Foilseacháin ó eagraíochtaí Éireannacha agus idirnáisiúnta.
  • Leabhair ó fhoilsitheoirí tráchtála.
  • Foinsí tagartha agus faisnéise, lena n-áirítear foclóirí, eolairí, léarscáileanna, srl.
  • Irisleabhair.
  • Nuachtáin.

 

 

Ábhar cartlainne sa Leabharlann

 

  • Tráchtais.
  • Ábhar lámhscríbhinní.
  • Pleananna agus léaráidí ailtireachta OOP.

 

 

 

Sonraí Teagmhála:

An Leabharlann, Oifig na nOibreacha Poiblí, Sráid Jonathan Swift , Baile Átha Troim, Co. na Mí.

Teil: (01) 942 6023/4 Facs: (046) 942 6221

 

R-phost:

 

Leabharlannaí: nirvana.flanagan@opw.ie

Leabharlannaí Cúnta: nuala.canny@opw.ie

Cúntóir Leabharlainne: veronica.donegan@opw.ie

Naisc

Coinnítear cartlanna stairiúla OOP, a chomhlánaíonn na tuairiscí foilsithe sa Leabharlann, sna Cartlanna Náisiúnta.

Solathraíonn Archéire bealach le teacht ar roinnt suíomhanna ailtireachta Éireannacha.

Is éard atá i PADDI (Planning Architecture Design Database Ireland) bunachar sonraí bibleagrafaíoch a tháirgeann Leabharlanna Ailtireachta agus Pleanála Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Tá stór ollmhór ábhair ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann a bhaineann le gach gné de stair agus de chultúr na hÉireann.

 
  • Cóipcheart
  • Ráiteas Príobháideachais
  • ONEGOV
  • Suíomh Idirlín Rialtas na hÉireann
  • EU2013