opw_logo

OPW: Office of Public Works
Oifig na nOibreacha Poiblí

  • Text Size:
  • A
  • A
  • A
  • Ráiteas um Inrochtaineacht
  • Mapa an tSuímh

English

Gaeilge

  • Information for:
  • Foirgnimh & Ailtireacht
  • Baoil ó Thuilte a Bhainistiú
  • Oidhreacht
  • Soláthar
  • Quicklinks
    • Fáilte an Aire
    • Saoráil Faisnéise
    • Ealaín an Stáit
    • An Dílárú
    • Foilseacháin an OOP
    • Foilseacháin an Rialtais
  • Suíomhanna eile OOP
    • Cath na Bóinne
    • Teach Bhaile an Chaisleáin
    • Farmleigh
    • Tuilte
    • Oidhreacht Éireann
    • Sonraí Hidriméadrachta
    • Hidreolaíocht Éireann
    • Iris Oifigiuil
    • Caisleán Chill Chainnigh
    • Garraithe Náisiúnta na Lus
    • Páirc an Fhionnuisce
W3C Compliant - AA Accessible

You are here: BaileÁr nAonaid GhnóSeirbhísí CorparáideachaBrainse na gCuntas

Brainse na gCuntas


Tá Brainse na gCuntas in OOP freagrach as:

  • íocaíochtaí údaraithe a dhéanamh, íocaíochtaí párolla agus éilimh ó chonraitheoirí go príomha,
  • acmhainní airgeadais na hOifige a thaifeadadh, a bhainistiú agus cuntas a thabhairt iontu,
  • riachtanais na hOifige, maidir leis na Meastacháin, a chur i láthair go héifeachtach agus in am, agus caiteachas a bhainistiú laistigh den chionroinnt vótáilte, agus
  • faisnéis a thabhairt don Aire agus don Choiste Comhairleach Bainistíochta maidir le saincheisteanna airgeadais.

 

Próiseálann Brainse na gCuntas iad seo a leanas go hiondúil

  • 38,400 Treoracha chun Íoc (ITPanna),
  • 8,400 admhail,
  • 5,000 éileamh taistil,
  • 3,400 íocaíocht cíosa agus
  • íocann tuarastail agus pá 2,350 ball foirne.

 

Lena chois sin, bhainistigh sé caiteachas vótáilte agus neamhvótáilte ar luach €681m, admhálacha ar luach €121m agus €33.3m d'aisíocaíochtaí d'Iasachtaí Áitiúla.

 

 

Próisis airgeadais a bhaineann le hOifig na nOibreacha Poiblí amháin:

Cuntais Ghníomhaireachta Neamhvótáilte

* Gníomhaíonn OOP mar ghníomhaire do Ranna agus do Ghníomhaireachtaí eile Rialtais maidir le cóiríocht, cothabháil agus tionscadail mhóra thógála a sholáthar. Sna cásanna seo, íocann OOP an soláthraí seirbhíse agus aisíocann an phríomh-Roinn í trí réamh-óinchistí agus nó trí iad a bhilleáil tar éis na heachtra.

* I gcás go n-íoctar OOP tar éis na heachtra, bíonn próiseas "billeáil agus bailigh" i gceist lena mbaineann trí chéim: 1. Íocann OOP sonrasc/deimhniú arna fháil ón gconraitheoir le haghaidh oibreacha/obair chothabhála srl. 2. Eisíonn OOP bille chuig an bpríomh-Roinn ábhartha. 3. Faigheann OOP íocaíocht ón bpríomh-Roinn.

* Tugtar Cuntais Neamhvótáilte ar na cuntais sin agus baineann caiteachas amuigh is istigh ar €132 in aghaidh na bliana leo .

*as thart faoi 50,000 cuntas san iomlán a fheidhmíonn OOP, Cuntais neamhvótáilte is ea thart faoi 20,000.

 

Deimhnithe ó Ailtirí

Déanann OOP cuid mhór íocaíochtaí de bhun Deimhnithe ó Ailtirí i leith tionscadal foirgníochta. Baineann spriocdhátaí níos giorra leo siúd maidir le híocaíocht phras, ná a bhaineann le sonraisc, agus d'fhéadfadh suimeanna an-mhór a bheith i gceist leo, suimeanna chomh mór leis na milliúin euro.

 

Cáin Chonarthaí Iomchuí/Cáin Iarchoimeádta Seirbhísí Gairmiúla

Mar gheall ar líon mór na n-íocaíochtaí de chineál foirgníochta a dhéanann OOP, bíonn Imréiteach Cánach C47 de dhíth ar go leor de na híocaithe nó gearrtar Cáin Chonarthaí Iomchuí orthu. Ar an gcaoi chéanna, tá cuid mhór íocaíochtaí ann a ngearrtar cáin táillí gairmiúla orthu.

 

Socruithe Baincéireachta

Rud nach mbaineann ach le hOifig na nOibreacha Poiblí amháin, déanann OOP a cuid baincéireachta le Banc Ceannais na hÉireann (seachas le hOifig an Phámháistir Ghinearálta), eisíonn seiceanna arna dtarraingt ar an mBainc Ceannais agus déanann a cuid oibre féin maidir le seiceanna a ghlacadh agus imréiteach bainc.

 
  • Cóipcheart
  • Ráiteas Príobháideachais
  • ONEGOV
  • Suíomh Idirlín Rialtas na hÉireann
  • EU2013