opw_logo

OPW: Office of Public Works
Oifig na nOibreacha Poiblí

  • Text Size:
  • A
  • A
  • A
  • Ráiteas um Inrochtaineacht
  • Mapa an tSuímh

English

Gaeilge

  • Information for:
  • Foirgnimh & Ailtireacht
  • Baoil ó Thuilte a Bhainistiú
  • Oidhreacht
  • Soláthar
  • Quicklinks
    • Fáilte an Aire
    • Saoráil Faisnéise
    • Ealaín an Stáit
    • An Dílárú
    • Foilseacháin an OOP
    • Foilseacháin an Rialtais
    • Brainse na gCuntas
    • Oifig an Chathaoirligh
    • Leabharlann
    • Oifig an Aire Stáit
    • Caidreamh Poiblí (Preas-Oifig) & Tacaíocht Boird
  • Suíomhanna eile OOP
    • Cath na Bóinne
    • Teach Bhaile an Chaisleáin
    • Farmleigh
    • Tuilte
    • Oidhreacht Éireann
    • Sonraí Hidriméadrachta
    • Hidreolaíocht Éireann
    • Iris Oifigiuil
    • Caisleán Chill Chainnigh
    • Garraithe Náisiúnta na Lus
    • Páirc an Fhionnuisce
W3C Compliant - AA Accessible

You are here: BaileÁr nAonaid GhnóSeirbhísí Corparáideacha

Seirbhísí Corparáideacha


Cuimsíonn Seirbhísí Corparáideacha sciar riaracháin OOP agus bíonn siad gafa leis an Oifig a rith ó lá go la ó thaobh cúrsaí Acmhainní Daonna, Airgeadais agus Dlí/Saorála Faisnéise.

Soláthraíonn siad go leor seirbhísí éagsúla don fhoireann lena gcuimsítear a gcuid riachtanas Teicneolaíochta Faisnéise, riachtanas Oiliúna, áiseanna Leabharlainne chomh maith le Seirbhís Chúnaimh faoi rún d'Fhostaithe. Freastalaítear ar gach réimse a bhaineann le Sláinte agus Sábháilteacht anseo freisin.

Tá éadan poiblí na hOifige (Rannóg Caidreamh Poiblí) cuimsithe faoin tSeirbhís tacaíochta freisin.

Tá Seirbhísí Corparáideacha comhdhéanta de na rannáin agus de na haonaid seo a leanas:

Oifigeach Rochtana:

De réir alt 26(2) den Acht um Míchumas 2005, cheap Oifig na nOibreacha Poiblí Oifigeach Rochtana. Bíonn an tOifigeach Rochtana freagrach as cúnamh a sholáthar nó socruithe a dhéanamh lena aghaidh sin, agus cúnamh agus treoir a chomhordú, do dhaoine a bhfuil míchumais orthu agus iad ag teacht ar sheirbhísí arna soláthar ag na hoifigí agus freagrach freisin as gníomhú go ginearálta mar phointe teagmhála do dhaoine le míchumais ar mian leo teacht ar sheirbhísí dá leithéid.

Seirbhís Chúnaimh d'Fhostaithe:

Soláthraíonn an tSeirbhís Chúnaimh d'Fhostaithe (SCF) seirbhís faoi rún lena dtairgtear comhairleoireacht ghearrthéarmach, atreorú agus tacaíocht d'fhostaithe OOP agus do bhaill foirne atá dulta ar scor i gcás go bhfuil deacrachtaí ag dul dóibh maidir le cúrsaí pearsanta agus nó oibre.

Is acmhainn í freisin do bhainisteoirí agus do mhaoirseoirí a bhfuil freagracht as baill foirne orthu.

Aonad Comhionannais:

Cuimsítear le sainordú an Aonaid Chomhionannais idir na Taobhanna Bunaithe agus na Taobhanna Neamhbhunaithe agus Tionsclaíocha de ghnóthaí maidir le foireann OOP, agus déanfaidh sé, inter alia, a chinntiú go mbeidh an cur chuige comhleanúnach trasna gach réimse. Díríonn sé go sonrach ar raon iomlán na saincheisteanna comhionannais ags cuirfidh sé feasacht agus an cleachtas is fearr chun cinn go réamhghníomhach trasna OOP.

Is do gach fostaí a chuid seirbhísí - gráid riaracháin, ghairmiúla, theicniúla agus thionsclaíocha.

Aonad Teicneolaíochta Faisnéise:

Is é ról na Seirbhísí Teicneolaíochta Faisnéise seirbhísí éagsúla TF a sholáthar do OOP a thacaíonn lena bhfeidhmeanna oibriúcháin agus straitéiseacha gnó. Áirítear leis na seirbhísí sin: socruithe a dhéanamh go soláthrófar, go suiteálfar agus go gcothabhálfar trealamh oifige, agus go soláthrófar bonneagar teileachumarsáide do OOP a thacóidh lena riachtanais chumarsáide, idir chumarsáid ghutha agus sonraí.

Iniúchóireacht Inmheánach:

Is é ról na hIniúchóireachta Inmheánaí scrúdú agus meastóireacht a dhéanamh, faoi threoir Bhord OOP ar ghníomhaíochtaí sonraithe na hOifige lena dhéanamh amach an bhfuil na córais, na nósanna imeachta agus na rialuithe atá á bhfeidhmiú ag an mbainisteoireacht sa réimse atá faoi athbhreithniú á gcomhlíonadh agus an bhfuil na córais srl. sin in ann cuspóirí na mbeartas a bhaint amach ar an mbealach is tíosaí, is éifeachtúlaí agus is éifeachtaí.

Seirbhísí Pearsanra agus Forbartha:

Is é ról Seirbhísí Pearsanra agus Forbartha éascú le hacmhainní daonna a bhainistiú in OOP.

Aonad Oiliúna:

Bhain cuid mhór den fhoireann leas as na deiseanna oiliúna a soláthraíodh in 2007.

Soláthraíodh oiliúint i scileanna ríomhaireachta agus inniúlachta in éineacht le cúrsaí leanúnacha forbartha gairmiúla do bhaill foirne ghairmiúla agus theicniúla.

Ritheadh clár, ar éirigh go han-mhaith leis, de chúrsaí do dhaoine sula ndeachaigh siad ar scor, agus bhí tinreamh an-mhaith acu. Ritheadh cúrsaí in ionaid éagsúla timpeall na tíre agus bhí an t-aiseolas chomh dearfach sin go bhfuiltear ag pleanáil tuilleadh cúrsaí d'ionaid lasmuigh de Bhaile Átha Cliath i gcomhair 2008.

Rud eile a cuireadh leis an gClár oiliúna ab ea sraith de ranganna Sláinte agus Folláine agus bhí an t-aiseolas ón bhfoireann an-dearfach.

Tá oiliúint maidir le cúrsaí soláthair á gcur i bhfeidhm faoi láthair don fhoireann ar fad agus tá an oiliúint bunaithe ar na Fógraí Oifige a bhíonn á n-eisiúint ag an Oifig.

Tá soláthraí foinsithe ag an Aonad Oiliúna chun an idirghníomhaíocht leanúnach leis an gcóras Bainistíochta agus Forbartha Feidhmíochta a neartú. Cuimseofar Ceardlanna agus Grúpaí Fócais as gach rannán leis sin agus cuirfear tús leis go luath in 2008.

Creat Faisnéise Bainistíochta:

Tá Foireann CFB OOP freagrach as Creat Faisnéise Bainistíochta a fhorbairt in OOP.

Tá an CFB ina chuid thábhachtach den Tionscnamh Bainistíochta Straitéisí atá dírithe ar a chinntiú go mbeidh córais i bhfeidhm ag Ranna agus Oifigí Rialtais lena dtabharfar faisnéis chuimsitheach ar an úsáid a bhaintear as acmhainní, agus lena gcuirfear ar a gcumas cuntas iomlán a thabhairt sna hacmhainní a úsáidtear agus díriú ar na torthaí a bhaintear amach. Is iad seo a leanas príomheilimintí an CFB:

  • Córais nua-aimseartha Bhainistíochta Airgeadais a sholáthar (chun faisnéis níos gasta, níos soiléire agus níos cuimsithí a sholáthar faoi chaiteachas iarbhír agus faoi chaiteachas tiomanta);
  • táscairí feidhmíochta a fhorbairt, ó thaobh cúrsaí nach cúrsaí airgeadais iad, a úsáidtear le torthaí a mheasúnú;
  • córais chostála chun faisnéis a sholáthar faoi fhíorchostais iomlána a bhaineann le cláir agus gníomhaíochtaí
    tuairiscí bainistíochta ar stíl nua lena soláthrófar faisnéis thráthúil, ábhartha agus chruinn, faoi chúrsaí airgeadais agus cúrsaí nach ea.



Aighneachtaí á lorg

 

  • Cóipcheart
  • Ráiteas Príobháideachais
  • ONEGOV
  • Suíomh Idirlín Rialtas na hÉireann
  • EU2013