opw_logo

OPW: Office of Public Works
Oifig na nOibreacha Poiblí

  • Text Size:
  • A
  • A
  • A
  • Ráiteas um Inrochtaineacht
  • Mapa an tSuímh

English

Gaeilge

  • Information for:
  • Foirgnimh & Ailtireacht
  • Baoil ó Thuilte a Bhainistiú
  • Oidhreacht
  • Soláthar
  • Quicklinks
    • Fáilte an Aire
    • Saoráil Faisnéise
    • Ealaín an Stáit
    • An Dílárú
    • Foilseacháin an OOP
    • Foilseacháin an Rialtais
    • Tionscadail
  • Suíomhanna eile OOP
    • Cath na Bóinne
    • Teach Bhaile an Chaisleáin
    • Farmleigh
    • Tuilte
    • Oidhreacht Éireann
    • Sonraí Hidriméadrachta
    • Hidreolaíocht Éireann
    • Iris Oifigiuil
    • Caisleán Chill Chainnigh
    • Garraithe Náisiúnta na Lus
    • Páirc an Fhionnuisce
W3C Compliant - AA Accessible

You are here: BaileÁr nAonaid GhnóSeirbhísí Bainistíochta Tionscadal

Seirbhísí Bainistíochta Tionscadal


I gcomhar le Seirbhísí Ailtireachta agus Innealtóireachta OOP, seachadann Seirbhísí Bainistíochta Tionscadal (SBT) tionscadail nua tógála, athfheistiúcháin, chaomhnúcháin agus mórthionscadail chothabhála thar ceann an stáit agus chustaiméirí OOP. Cuireann Seirbhísí Bainistíochta Tionscadal riachtanais an chliaint nó an chustaiméara in iúl go mion chun cabhrú leis na tionscadail sin a sheachadadh in am, laistigh den bhuiséad agus de réir na gcaighdeán ailtireachta agus innealtóireachta is airde agus sa chaoi is go gcomhlíonfar nósanna imeachta Rialtais agus an AE maidir le cúrsaí soláthair.

 

Tá saineolas láidir forbartha ag SBT maidir le nósanna imeachta a bhaineann le conarthaí foirgníochta, tá an-eolas agus saineolas acu maidir le bheith ag plé leis an tionscal foirgníochta agus tá Plean Bainistíochta Tionscadal (PBT) forbartha acu chun na tionscadail sin a bhainistiú. Fuair SBT Caighdeán Cáilíochta 9001:2000 de chuid Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán i mí Eanáir 2000.

 

 

Mar chuid den obair le riachtanais na gcliant a chomhlíonadh, bainistítear an obair le cáipéisí tairiscintí a fhorbairt, cruthaítear agus ceaptar an fhoireann dearthóireachta, daingnítear an cead pleanála riachtanach, roghnaítear conraitheoirí, déantar maoirseacht ar an dul chun cinn ar an láithreán agus bainistítear costais na dtionscadal.

 

Bíonn an méid seo a leanas i gceist le tionscadail SBT go hiondúil:

 

      • cóiríocht nua oifige a thógáil, go háirithe na riachtanais le haghaidh na n-oifigí nua díláraithe a chomhlíonadh;
      • Stáisiúin an Gharda Síochána a thógáil agus a athfheistiú;
      • Clár Tógála na bPríosún a bhainistiú;
      • Maoine Stairiúla Náisiúnta an Stáit a athchóiriú & a chaomhnú;
      • maoine ar leis an Stát iad agus maoine atá á ligean ar léas a fheistiú mar oifigí;
      • maoine ardghradaim an Stáit a athchóiriú, a chaomhnú, a oiriúnú agus a leathnú, lena n-áirítear Teach Laighean, Caisleán Bhaile Átha Cliath, an Gailearaí Náisiúnta, Ard-Mhúsaem na hÉireann, an Leabharlann Náisiúnta agus Zú Bhaile Átha Cliath; agus
      • mórthionscadail chothabhála.

 

Tá SBT roinnte ina gceithre fho-rannóg, a bhfuil gach ceann díobh freagrach as cineálacha difriúla oibre bainistíochta tionscadal;

 

      • Bainistíonn an tAonad Dlí agus Cirt obair don Roinn Dlí & Cirt, Comhionannais & Athchóirithe Dlí go príomha, is é sin, Stáisiúin an Gharda Síochána, an tSeirbhís Chúirteanna, Stáisiúin an Gharda Cósta, Príosúin agus obair ilchineálach eile maidir le cóiríocht Rialtais lena n-áirítear Oifigí Leasa Shóisialaigh.
      • Láimhseálann Aonad na dTionscadal Speisialta na tionscadail Chomhpháirtíochta Príobháidí Poiblí amhail an Ceoláras Náisiúnta nua atá beartaithe agus an Amharclann Náisiúnta, chomh maith leis an Lárionad Náisiúnta Comhdhála i measc tionscadal eile.
      • Bainistíonn Aonad na bhForas cultúir tionscadail le foirgnimh nua a thógáil agus foirgnimh a athchóiriú agus a chaomhnú le haghaidh fhorais chultúir agus fhoirgnimh stairiúla an Stáit. Riarann an tAonad seo na Deontais Rialtais do chomhlachtaí éagsúla cultúir agus oidhreachta freisin.
      • Faoi láthair, tá an tAonad um Dílárú ag bainistiú na hoibre le straitéis dhílárú an Rialtais a sholáthar, a dhearadh agus a sheachadadh.

 

Tá taithí thar na bearta ag Oifig na nOibreacha Poiblí maidir leis an obair thógála agus athchóiriúcháin ar fhoirgnimh a bhainistiú agus a dhearadh. Tá ardmholadh agus ollghairdeas poiblí tugtha dá cuid oibre. Áirítear iad seo a leanas le Gradaim atá buaite le blianta beaga anuas: Gradam Cultúir agus Oidhreachta an Aontais Eorpaigh (Bonn Europa Nostra) 2006 do Choimpléacs Theach na bPailmeacha, Garraithe Náisiúnta na Lus; Gradam Opus don Ailtireacht agus don Fhoirgníocht agus Gradam Tírdhreacha Uile-Éireann - Tionscadal Poiblí is Fearr do Fhoras na Mara, Co. na Gaillimhe; Gradam Oidhreachta Europa Nostra 2001 & Gradam Ailtireachta na hÉireann 2005 RIAI do Theach Laighean 2000; Duais Idirnaisiúnta Dedalo Minosse 2007 - (Moladh) - do 7-9 Rae Mhuirfean - The Billets; Gradaim Opus don Ailtireacht agus don Fhoirgníocht do Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe agus do Chartlann Ailtireachta na hÉireann; agus Gradam Óir Tríbhliantúil RIAI d'Ionad Achaidh Chéide do Chuairteoirí. Bhí an Rannán SBT freagrach as na tionscadail dhuaisbhuaiteacha seo a bhainistiú.

  • Cóipcheart
  • Ráiteas Príobháideachais
  • ONEGOV
  • Suíomh Idirlín Rialtas na hÉireann
  • EU2013