opw_logo

OPW: Office of Public Works
Oifig na nOibreacha Poiblí

  • Text Size:
  • A
  • A
  • A
  • Ráiteas um Inrochtaineacht
  • Mapa an tSuímh

English

Gaeilge

  • Information for:
  • Foirgnimh & Ailtireacht
  • Baoil ó Thuilte a Bhainistiú
  • Oidhreacht
  • Soláthar
  • Quicklinks
    • Fáilte an Aire
    • Saoráil Faisnéise
    • Ealaín an Stáit
    • An Dílárú
    • Foilseacháin an OOP
    • Foilseacháin an Rialtais
    • Seirbhísí Luachála
    • Cláir um Láithreáin Scoileanna a Fháil
  • Suíomhanna eile OOP
    • Cath na Bóinne
    • Teach Bhaile an Chaisleáin
    • Farmleigh
    • Tuilte
    • Oidhreacht Éireann
    • Sonraí Hidriméadrachta
    • Hidreolaíocht Éireann
    • Iris Oifigiuil
    • Caisleán Chill Chainnigh
    • Garraithe Náisiúnta na Lus
    • Páirc an Fhionnuisce
W3C Compliant - AA Accessible

You are here: BaileÁr nAonaid GhnóSeirbhísí Bainistíochta Maoine

Seirbhísí Bainistíochta Maoine


Soláthraíonn agus bainistíonn Seirbhísí Bainistíochta Maoine an obair le cóiríocht oifige a sholáthar do Ranna, Oifigí agus Gníomhaireachtaí Rialtais. Go héifeachtach, is iadsan a fheidhmíonn mar an gníomhaire do Ranna Rialtais srl. agus do chomhlachtaí eile m.sh. Binsí Fiosrúcháin, agus iad ag lorg cóiríochta nua nó cóiríochta breise. Bíonn Seirbhísí Bainistíochta Maoine freagrach as an obair leanúnach le punann maoine an Stáit a bhainistiú freisin.

Cóiríocht Oifige a Sholáthar

Agus cóiríocht oifige á soláthar, is é an cuspóir a bhíonn ann cóiríocht oiriúnach ar chaighdeán inghlactha a sholáthar ag an ionad is fearr a oirfidh do riachtanais ghnó na Roinne atá ina Cliant againn.

D'fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith i gceist leis an bpróiseas seo:

      • An úsáid is fearr is féidir a bhaint as an spás atá ann cheana féin agus cóiríocht bhreise a fháil trí mhaoine a cheannach nó;
      • Maoine a fháil ar léas nó socruithe a dhéanamh go dtógfar maoine nua trí aonad gnó OOP maidir le Seirbhísí Bainistíochta Tionscadal;
      • Is minic a bhíonn ar Sheirbhísí Bainistíochta Maoine freagairt d'éilimh phráinneacha nua ar chóiríocht gan ach tréimhse ama gairid d'fhógra faighte roimh ré acu;
      • Tá saineolas forbartha ag Seirbhísí Bainistíochta Maoine ar an margadh maoine. Agus an t-eolas sin á cheangal leis an neart a bhíonn acu i mbun na hidirbheartaíochta, a thagann de bharr an ról lárnach a bhíonn acu agus iad ag gníomhu thar ceann a gcustaiméirí, ciallaíonn sé sin go mbíonn Seirbhísí Bainistíochta Maoine i riocht maith le sárluach a fháil ar airgead na gcáiníocóirí.
      • Foireann a athlonnú;
      • Farasbarr cóiríochta a dhiúscairt.

 

Punann Maoine an Stáit a Bhainistiú:

Is é príomhfheidhm na Seirbhísí Bainistíochta Maoine (SBM) thart faoi 1.16 milliún méadar cearnach de mhaoin a bhainistiú. Bíonn idir fhoirgnimh ardghradaim amhail Caisleán Bhaile Átha Cliath agus Theach Laighean i gceist leis an obair chomh maith le sainfhoirgnimh agus gnáthchóiríocht oifige. Tá breis is 2,000 foirgneamh aonair atá spréite thar 1,700 maoin ar leith sa phunann i suíomhanna ar fud na tíre.

As an bpunann iomlán, maoin tráchtála atá i gceist le 1.05 milliún méadar cearnach, ar oifigí agus líon beag de spásanna stórála, tionsclaíocha agus sainspásanna oibre eile do Ranna agus do Ghníomhaireachtaí Rialtais atá i gceist go príomha. As iomlán na maoine tráchtála, is leis na Coimisinéirí amuigh is istigh ar 46% de agus maoin léasach atá sa chuid eile, atá á coinneáil ar léasanna fada den chuid is mó. Is é €125,000,000 meastachán 2008 le haghaidh íocaíochtaí cíosa agus íocaíochtaí gaolmhara.

Bainistíonn na Seirbhísí Bainistíochta Maoine an punann go gníomhach lena chinntiú go bhfaighidh an Stát an luach is fearr as an acmhainn agus go bhfreastalófar, ag an am céanna, ar riachtanais chóiríochta na rann ar cliant leo iad, ar bhealach a chuirfidh ar a gcumas a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh agus seirbhís a sholáthar don phobal ar bhealach éifeachtúil costéifeachtach. Áirítear mar chuid den bhainistíocht ghníomhach sin spásanna nua a fháil, maoin a dhiúscairt i gcás nach n-oireann sí do riachtanais reatha a thuilleadh, baill foirne Roinne nó Seirbhísí Rialtais a chomhdhlúthú i suíomh ar leith, srl.

Tá an méid seo a leanas i gceist leis an obair leanúnach leis an bpunann a bhainistiú, inter alia:

      • Leas na gCoimisinéirí ina gcuid sealúchas maoine ar fad a choinneáil ar bun agus a chosaint, idir mhaoin ruílse agus mhaoin léasach.
      • Cúnaint Léasa a chomhlíonadh maidir le cíosa, muirir sheirbhíse, árachas, CBL, srl. a íoc
      • Caidrimh le tiarnaí talún a bhainistiú agus cinntiú go gcomhlíonfaidh tiarnaí talún Cúnaint Léasa.
      • An luach bunúsach i bpunann maoine an Stáit a uasmhéadú.
  • Cóipcheart
  • Ráiteas Príobháideachais
  • ONEGOV
  • Suíomh Idirlín Rialtas na hÉireann
  • EU2013