Is ag OOP atá ceann de na cleachtais ailtireachta is mó sa tír. Soláthraíonn sé seirbhís iomlán maidir le tionscadail a dhearadh agus a bhainistiú, le haghaidh tionscadal tógála san earnáil phoiblí, chomh maith le seirbhís bainistíochta agus comhairle maidir le cúrsaí caomhantais, agus comhairle neamhspleách don Rialtas.
Cleachtas ildisciplíneach atá ann, a thairgeann seirbhís iomlán in OOP féin dá custaiméirí. Tá Ailtirí agus Suirbhéirí Cainníochta ar an bhfoireann, agus tá dlúthnaisc ag na Seirbhísí leis an Rannán Innealtóireachta Struchtúraí d'aonad gnó na Seirbhísí Innealtóireachta. Tá sé nótáilte as cáilíocht agus gairmiúlacht a cuid oibre agus is iomaí duais atá buaite ag an tSeirbhís mar gheall ar ardchaighdeáin a cuid oibre.
Tá córas bainistíochta cuimsitheach forbartha ag an gCleachtas agus táirgeann sé cuntais bhliantúla lena dtaispeántar go seasmhach go mbíonn Seirbhísí Ailtireachta ag feidhmiú agus barrachas nóiseanúil acu. Amach sa bhliain 2001, ghóthnaigh Seirbhísí Ailtireachta OOP creidiúnú de réir chaighdeán cáilíochta 9002 de chuid Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán.
Áirítear an méid seo a leanas leis na seirbhísí a thairgtear dár gcustaiméirí:
Tá saineolas fairsing forbartha i roinnt réimsí, lena n-áirítear