Bíonn an tAonad Áiseanna agus Bainistíochta Imeachtaí freagrach go príomha as bainistiú a dhéanamh ar roinnt de mhaoine mór-le-rá an Stáit a úsáidtear chun áiseanna a sholáthar d'ócáidí agus aíocht Stáit. Déanann an obair le Caisleán Bhaile Átha Cliath agus a Lárionad Comhdhála agus Farmleigh a bhainistiú an chuid lárnach d'obair an Aonaid. Áirítear na maoine seo a leanas i measc maoine eile a bhainistíonn an tAonad: Arás an Uachtarán,coimpléacs Shráid Mhaoilbhríde na Roinne Oideachais agus Eolaíochta, agus an Raon Thuaidh de Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann, Teach Bhaile an Chaisleáin agus Caisleán Chill Chainnigh.
D'fhéadfadh an méid a bheidh i gceist leis an tseirbhís a bheith éagsúil ag brath ar thréithe na maoine. Go hiondúil, áirítear leis an tseirbhís léirmhíniú agus turais threoraithe, tailte a chothabháil, slándáil agus comhordú a dhéanamh ar gach seirbhís dá bhfuil riachtanach chun bail shásúil a choinneáil ar na maoine agus iad a rith. Comhlíonann an tAonad ról tábhachtach bainistíochta freisin i ndáil le saincheisteanna caomhantais a bhaineann leis na maoine stairiúla agus a bhfuil iontu.
Cuid den tseirbhís a sholáthraíonn an tAonad is ea mórimeachtaí Stáit a bhainistiú, amhail an Lá Cuimhneacháin Náisiúnta, comóradh 2006 ar an 90ú bliain ó Éirí Amach 1916 chomh maith le Sochraidí Stáit.
Lena chois sin, tá ról ag an Aonad i ndáil le soláthar seirbhísí bainistíochta áiseanna a phleanáil, a chomhordú agus maoirseacht a dhéanamh ar sholáthar na seirbhísí sin ag roinnt forbairtí nua buntábhachtacha amhail saotharlanna na Roinne Talmhaíochta agus an Stáit ag Campas Bhacastúin, Ionad Cathartha Thuaisceart Bhaile Átha Cliath ag an gCúlóg agus Oifigí díláraithe an Rialtais i Ros Comáin.
Is é príomhchuspóir an Aonaid leanúint ar aghaidh leis an tseirbhís a sheachadann gach réimse oibriúcháin a fhorbairt agus a fheabhsú leis an aidhm go mbainfear na caighdeáin is airde is feidir amach ó thaobh shármhaitheas na seirbhísí agus shástacht na gcustaiméirí. Leantar den chuspóir sin le fócas soiléir ar chúrsaí a bhainistiú de réir na n-acmhainní a bhíonn ar fáil, agus luach ar airgead a chinntiú go leanúnach chomh maith leis an éifeachtúlacht ó thaobh seirbhísí a sheachadadh.