opw_logo

OPW: Office of Public Works
Oifig na nOibreacha Poiblí

  • Text Size:
  • A
  • A
  • A
  • Ráiteas um Inrochtaineacht
  • Mapa an tSuímh

English

Gaeilge

  • Information for:
  • Foirgnimh & Ailtireacht
  • Baoil ó Thuilte a Bhainistiú
  • Oidhreacht
  • Soláthar
  • Quicklinks
    • Fáilte an Aire
    • Saoráil Faisnéise
    • Ealaín an Stáit
    • An Dílárú
    • Foilseacháin an OOP
    • Foilseacháin an Rialtais
  • Suíomhanna eile OOP
    • Cath na Bóinne
    • Teach Bhaile an Chaisleáin
    • Farmleigh
    • Tuilte
    • Oidhreacht Éireann
    • Sonraí Hidriméadrachta
    • Hidreolaíocht Éireann
    • Iris Oifigiuil
    • Caisleán Chill Chainnigh
    • Garraithe Náisiúnta na Lus
    • Páirc an Fhionnuisce
W3C Compliant - AA Accessible

You are here: BaileAn DílárúClár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo

Clár Chlainne Mhuiris


Tá Réamhoifig díláraithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí chuig Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo agus tá 30 ball foirne ag obair in oifigí sealadacha sa bhaile in Aonad 20, Lakeside Retail Park, ón 10ú Meán Fómhair 2007. Tá na haonaid atá ar bun i gClár Chlainne Mhuiris tarraingthe as 3 chinn d'Aonaid Ghnó OOP agus is iad seo a leanas na haonaid sin:

    *Seirbhísí do Chuairteoirí: Rannán is ea é seo laistigh d'Aonad Gnó na Seirbhísí Oidhreachta a bhíonn i mbun Seirbhísí Treoracha, Áiseanna do Chuairteoirí, Margaíocht agus Foilseacháin faoi Láithreáin a sholáthar ag Láithreáin Oidheachta ar fud na tíre.
    * Rannán na bhFoilseachán: Rannán laistigh d'Oifig na nOibreacha Poiblí is ea é seo a bhíonn ag plé le díol na bhFoilseachán Rialtais don phobal i gcoitinne agus leis an margadh leabhar mórdhíola agus miondíola.
    * Seirbhísí Bainistíochta Tionscadal: Rannán is ea é seo a bhíonn i mbun Seirbhísí Bainistíochta Tionscadal lánpháirtithe a sholáthar do gach tionscadal le foirgnimh nua a thógáil agus foirgnimh a athfheistiú do Ranna agus do Ghníomhaireachtaí in 11 Chontae i limistéar na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair* agus i mbun Seirbhísí Bainistíochta Maoine a sholáthar don Gharda Síochána sna contaetha sin.

Tá an láithreán don chóiríocht bhuan ceannaithe agus suite ar Bhóthar Bhéal Átha hAmhnais, Clár Chlainne Mhuiris. Déanfar cinneadh chun dul ar aghaidh leis an gcóiríocht bhuan a sholáthar ag an láithreán sin tar éis don Rialtas athbhreithniú a dhéanamh ar iarmhéid an Chláir um Dílárú i lár 2011.

*   Is iad seo a leanas na contaetha atá áirithe i sainchúram PMS Chlár Chlainne Mhuiris faoi láthair: Dún na nGall, Sligeach, Liatroim, Ros Comáin, an Iarmhí, an Longfort, an Cabhán, Maigh Eo, Gaillimh, an Clár & Ciarraí

 

Claremorris Advance accom

  • Cóipcheart
  • Ráiteas Príobháideachais
  • ONEGOV
  • Suíomh Idirlín Rialtas na hÉireann
  • EU2013