opw_logo

OPW: Office of Public Works
Oifig na nOibreacha Poiblí

  • Text Size:
  • A
  • A
  • A
  • Ráiteas um Inrochtaineacht
  • Mapa an tSuímh

English

Gaeilge

  • Information for:
  • Foirgnimh & Ailtireacht
  • Baoil ó Thuilte a Bhainistiú
  • Oidhreacht
  • Soláthar
  • Quicklinks
    • Fáilte an Aire
    • Saoráil Faisnéise
    • Ealaín an Stáit
    • An Dílárú
    • Foilseacháin an OOP
    • Foilseacháin an Rialtais
  • Suíomhanna eile OOP
    • Cath na Bóinne
    • Teach Bhaile an Chaisleáin
    • Farmleigh
    • Tuilte
    • Oidhreacht Éireann
    • Sonraí Hidriméadrachta
    • Hidreolaíocht Éireann
    • Iris Oifigiuil
    • Caisleán Chill Chainnigh
    • Garraithe Náisiúnta na Lus
    • Páirc an Fhionnuisce
W3C Compliant - AA Accessible

You are here: BaileAn DílárúBaile Átha Troim, Co. na Mí

Ceanncheathrú OOP, Baile Átha Troim, Co. na Mí


Déardaoin 15ú Bealtaine 2010, d'oscail an tAire Iompair Nollaig Ó Díomasaigh TD ceanncheathrú nua Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) go hoifigiúil i mBaile Átha Troim, Co. na Mí. Clúdaíonn an foirgneamh breis is 8,000 méadar cearnach, agus tá sé ceithre stór ar airde agus ar chruth ciorclach ar leith. Tá aitriam a shíneann chomh fada le hairde iomláin an fhoirgnimh sa lár agus tá plás cathartha ar aghaidh an fhoirgnimh rud a chruthaíonn an pointe fócais in Ionad nua Bhaile Átha Troim atá pleanáilte. Freastalóidh sé ar bhreis is 300 ball foirne agus ar go leor cuairteoirí.

Ceannaíodh an láithreán ó Chomhairle Contae na Mí ar chostas €3.6M. Tá 8,325m cearnach d'achar i bhfoirgneamh na ceanncheathrún agus tá sé suite ar Shráid Jonathan Swift, Baile Átha Troim, Contae na Mí. Tá 9,225m cearnach d'achar i bhfoirgneamh an chlóis pháirceála, ina bhfuil 348 spás le haghaidh carranna agus 64 spás le haghaidh rothar. Ba é Bennett Construction Limited, an Muileann gCearr, Contae na hIarmhí, an conraitheoir do na príomhoibreacha tógála chomh maith leis na hoibreacha leis an bhfoirgneamh a fheistiú. Ba é €32.2M costas an fhoirgnimh agus caitheadh 24 mí leis an obair thógála a chur i gcrích (chomh fada leis an bhfoirgneamh a thabhairt ar láimh don chliant i mí Lunasa 2009).

Tá foirgneamh na ceanncheathrún deartha mar chóiríocht oifige agus áirítear spás taispeántais ann chomh maith le spás stórála cartlainne, leabharlann, caintín agus feidhmeanna tacaíochta. Gníomhaíonn an t-aitriam lárnach mar fhócas an bhealaigh isteach agus mar lárionad gníomhaíochta. Téann droichead, atá ar crochadh, trasna an aitriaim. Cinntionn foirm an phlean ciorclaigh ar a dtéann an droichead trasna, go bhfuil gach cuid den fhoirgneamh réasúnta gar dá chéile.

Tá rátáil fuinnimh A3 ag an bhfoirgneamh, rátáil an-ard de réir caighdeán foirgníochta tráchtála. Do bhloc oifigí ardghradaim, tá Ceanncheathrú OOP Bhaile Átha Troim deartha agus tógtha le bheith ar an gceann is fearr ina aicme ó thaobh na feidhmíochta fuinnimh i gcomparáid le foirgnimh de chineál cosúil leis. Tá an foirgneamh ar fad deartha sa chaoi is gur féidir é a aeráil go nádúrtha agus tá an oiread úsáide bainte as an struchtúr agus ab indéanta le fuarú éighníomhach a sholáthar sa chaoi is go bhfuarófar an foirgneamh roimh ré sula mbeidh daoine ann i rith mhíonna an tsamhraidh. Tá gloine speisialta úsáidte le cumhacht na gréine a rialú agus córais le scáth a thabhairt chun an gnóthachan gréine a laghdú oiread agus is féidir.

Tá soilse atá thar a bheith tíosach ar fhuinneamh suiteáilte ar fud an fhoirgnimh. Tá nasc idir na soilse agus solas an lae agus tá siad socraithe go dtiocfaidh siad i bhfeidhm nuair a bhíonn daoine i seomra, agus go múchfaidh siad iad féin nuair a imíonn daoine freisin. Déanann ardchóras bainistíochta soilse córas na soilse ar fad a rialú.

Tá coire mhillíní adhmaid suiteáilte chun formhór an teasa a sholáthar don fhoirgneamh. Tá coire gháis suiteáilte freisin atá thar a bheith tíosach ar fhuinneamh. Tá painéil ghréine suiteáilte ar bharr an dín chun uisce a théamh. Tá malartóirí teasa úsáidte ar chórais aerála aeir chun an t-éileamh ar theas a laghdu. Tá córais le huisce a choigilt úsáidte sna seomraí/leithreasa ar fad.

  • Cóipcheart
  • Ráiteas Príobháideachais
  • ONEGOV
  • Suíomh Idirlín Rialtas na hÉireann
  • EU2013